Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 97
Gach bliain, faightear breis léargais ar na tacaí atá de dhíth ar scoileanna, agus athraítear na háiseanna a
chuirtear ar fáil ansin mar is gá. Chuir rannpháirtithe sna grúpa fócais béim ar an tábhacht a bhaineann le
tacaí ocht a fháil ó bhainistíocht na scoile chun #ThinkLanguages a chur i bhfeidhm go héifeachtach sna
scoileanna. Mar thoradh air seo, cuireadh áis bhreise leis in 2024 – teimpléad litreach do mhúinteoirí le roinnt
le foirne shinsearacha bainistíochta chun iad a mhealladh chun an t-imeacht a reáchtáil. Mínítear sa litir na
buntáistí do scoláirí, múinteoirí, scoileanna agus pobal níos leithne, a bhaineann le #ThinkLanguages a chur ar
siúl. Glacadh go maith leis, agus léirigh go leor den aiseolas go raibh an áis seo riachtanach chun bainistíocht
na scoile a mhealladh chun an t-imeacht a chur ar siúl.
Searmanas Oscailte
Bhí meascán inspioráideach cainteoirí sa Searmanas Oscailte arís i 2024, cainteoirí a roinn a n-aistear
foghlama teanga agus a mhínigh conas a chuidigh teangacha leo ina ngairm agus conas a chuir siad lena
saol. Ba dhuine breise in 2024 í Rebecca Keogh ó Fhiontraíocht Éireann, cuireann a cuid oibre gnólachtaí
Éireannacha chun cinn trasna na hEorpa. Chuir sí béim ar an mbealach ar oscail foghlaim teanga domhan
gairme agus deiseanna taistil di. Labhair Ervinas Merfeldas ó Dancing with the Stars,, a bhfuil oidhreacht ón
Liotuáin aici, labhair sí faoi na buntáistí a bhaineann lena theanga bhaile a choinneáil, agus an tairbhe a bhain
le staidéar a dhéanamh uirthi don Ardteistiméireacht. Thug Ciara Walsh, tionchaire ar líne, agus James Maher,
comhairleor sinsearach polasaí i bParlaimint na hEorpa léargas ar an mbealach a bhfuil tionchar tar éis a
bheith ag teangacha ar a saol agus ar a ngarim. Ghlac Ciara Walsh cinneadh páirt a ghlacadh in Erasmus, agus
dá bharr sin fuair sí post agus chuaigh sí chun cónaithe san Iodáil.
Tráth na gCeist Náisiúnta
Bhí Tráth na gCeist náisiúnta #ThinkLanguages ar siúl ar líne arís i 2024, agus ghlac 1,635 foireann páirt ann,
agus thart ar 6,400 scoláire. Tugann tráth na gceist deis do scoláirí agus scoileanna dul san iomaíocht i
gcoinne a chéile agus i gcoinne an chloig i dtástáil ar eolas ar theangacha.
Cuireann an iomaíocht, áitiúil agus náisiúnta, sceitimíní san imeacht. Bhí tráth na gceist ar siúl faoi dhó sa lá
gach lá i rith Sheachtain #ThinkLanguages, rud a thug solúbthacht do scoileanna é a chur ar siúl nuair a d’oir
sé dóibh.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
97