Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 10
Athbhreithniú an Stiúrthóra
Tá obair Theangacha Iar-bhunscoile Éireann níos tábhachtaí ná riamh. Mairimid i dtimpeallacht chasta ina bhfuil
rogha leathnaithe ann d9fhoghlaimeoirí agus éagsúlú á dhéanamh ar an soláthar curaclaim. Mar sin, tá práinn
mhéadaithe ann feasacht a mhúscailt maidir leis an luach a bhaineann le teangacha iasachta a fhoghlaim agus
tacú leis an soláthar atá ann cheana. Baineann formhór d9obair TIBÉ le rannpháirtíocht i bhfoghlaim teangacha
iasachta a mhéadú, bíodh sé sin go díreach nó go hindíreach.
Tá sé de cheart ag ár scoláirí scileanna a shealbhú a ligeann dóibh páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí. Tá
inniúlacht ilteangach theoranta fós ar cheann de na nithe is mó a chuireann bac ar scoláirí leas a bhaint as
deiseanna oibre agus soghluaisteachta atá ar fáil ar fud an Aontais Eorpaigh. Nuair a fhoghlaimíonn siad
teangacha iasachta, cuirtear peirspictíochtaí cultúrtha éagsúla ar fáil don scoláire, rud a chuireann lena ninoiriúnaitheacht agus lena scileanna cumarsáide idirchultúrtha. Cothaíonn sé seo feasacht dhomhanda agus
ullmhaíonn sé scoláirí d'idirghníomhaíochtaí gairmiúla agus sóisialta éagsúla. Tá sé tábhachtach go gcothaíonn
oideachas i dteangacha breise timpeallacht níos ionchuimsithí do gach scoláire, lena laghdaítear an baol go
rachadh tuairimí antoisceacha i bhfeidhm orthu.
I gcomhthéacs tacú le héagsúlú churaclam na dteangacha iasachta, leanann TIBÉ de shamhlacha malartacha
soláthair ar fáil, lena n-áirítear soláthar scoile, múinteoirí comhroinnte agus cuairte, ranganna
Ardteistiméireachta, agus foghlaim ar líne agus foghlaim chumaisc do níos mó ná 10,000 scoláire. Mar thoradh
air sin, bhí teacht ag scoláirí ar theangacha a tugadh isteach le déanaí agus ar theangacha tearctheagasctha sa
chás nach bhfuil soláthar scoile ina rogha inmharthana, rud a thacaíonn le cothromas rochtana agus rogha an
fhoghlaimeora. Tá soláthar teanga oidhreachta mar chuid de seo, a thacaíonn le rannpháirtíocht scoláirí,
aitheantas féiniúlachta agus dul chun cinn, lena n-áirítear rochtain ar phointí Ardteistiméireachta a mbíonn
tionchar suntasach acu ar chonairí oideachais iar-Ardteistiméireachta. Mar bhonn faoi sin, tacaítear le 58
Oiogeach Forbartha TIBÉ trí chlár foghlama gairmiúla struchtúrtha, le 25 seisiún foghlama gairmiúla á gcur ar
fáil trí ionduchtúchán, FGL agus tacaíochtaí teagaisc spriocdhírithe ar líne/cumaisc.
I gcomhthéacs feabhas a chur ar sholáthar, leanann TIBÉ d9acmhainní, deiseanna agus tacaíocht a chur ar fáil
do mhúinteoirí agus do scoláirí ar fud an chórais i gcoitinne chun a chinntiú go bhfuil na ceachtanna teanga
sna scoileanna chomh tarraingteach agus is féidir, ag iarraidh tacú le scoláirí a choinneáil sa tsraith shinsearach
trí chuid mhór dá chuid oibre. I measc samplaí de thionscadail a chuireann feabhas ar sholáthar teangacha
iasachta i scoileanna tá forbairt tacaíochtaí do mhodheolaíochtaí nuálacha ar nós Foghlaim Chomhtháite Ábhair
agus Teanga (FCÁT); oiliúint in úsáid IS (Intleacht Shaorga) agus teicneolaíochtaí digiteacha i gcomhar le Oide
Teicneolaíocht san Oideachas; agus tacaíocht leanúnach d9fhoireann uirlisí a úsáid chun féinmheastóireacht a
dhéanamh agus tacú le héagsúlacht chultúrtha agus teanga inár scoileanna.
10
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -