Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 101
Comórtas Póstaeir Aonair
Díríodh sa Chomórtas Póstaeir Aonair ar an téama "Smaoinigh ar Dheiseanna Oibre Domhanda". Tugadh
cuireadh don triúr iomaitheoirí ab fhearr sa bhabhta ceannais den Chomórtas Póstaeir Aonair chuig an Roinn
Oideachais agus Óige i mí Eanáir 2026 don Bhabhta Ceannais Náisiúnta, áit a raibh deis acu a gcuid oibre a
thaispeáint. Ba iad scoláirí ó Choláiste Loreto, an Cabhán, Scoil Mhuire Lourdes Loch Garman, agus Coláiste
Íosagáin an triúr ab fhearr, agus bronnadh an chéad áit ar Jewell Belleno ó Scoil Mhuire Lourdes ar an lá.
Bhí agallamh bríomhar ar siúl ag an mBabhta Ceannais Náisiúnta, le Méabh Mc Mahon, iriseoir agus láithreoir
ilteangacha rathúil le Euronews a ghlac páirt i Searmanas Oscailte Sheachtain #ThinkLanguages 2025.
Rinneadh iniúchadh sa phlé ar an ngrá atá ag Méabh do theangacha agus ar na deiseanna claochlaitheacha a
fuair sí óna cuid staidéir sa Spáinn go dtí a gairm sa Bhruiséil, ag cur béim ar an bhfás pearsanta agus
gairmiúil a thagann as an tumoideachas cultúrtha agus glacadh le foghlaim teangacha iasachta.
Roinn Méabh na dúshláin a bhí aici agus an rath a bhí uirthi maidir le teangacha nua a shealbhú, agus leag sí
béim ar an tábhacht a bhaineann le scileanna teanga agus tuiscint dhomhanda a chothú. Spreag Méabh an
lucht freastail chun tabhairt faoina n-eachtraí foghlama teanga féin. Ba mhór ag na scoláirí agus ag na
múinteoirí an deis chun níos mó a fhoghlaim faoi na deiseanna a bhaineann le teanga a fhoghlaim.
3ú háit: Emma Ní Chionnaith - Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair
2ú háit: Tegan Keary – Coláiste Loreto, an Cabhán
1ú háit: Jewell Belleno – Scoil Mhuire Lourdes, Loch Garman
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
101