Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 104
Na meáin shóisialta agus clúdach an phreasa
Baineadh an-úsáid as cainéil shóisialta i rith na seachtaine, le scoláirí, scoileanna agus comhpháirtithe ag
gabháil don chomhrá ar líne agus ag roinnt sraith íomhánna agus físeán. Chabhraigh nuashonruithe beo ar a
ngníomhaíocht chun teangacha a chur i lár an aonaigh don tseachtain. Léirigh scéalta cruthaitheacha
Instagram agus físeáin TikTok paisean na scoláirí do theangacha. Ghlac roinnt Ball den Fhoireann Seaimpíní
ról na dtuairisceoirí, le hailt le feiceáil sa phreas áitiúil roimh na himeachtaí agus ina ndiaidh. Tugadh cuireadh
d'Fhoireann na Seaimpíní agallaimh a dhéanamh ar an raidió áitiúil i rith na seachtaine féin, rud a chruthaigh
an-spéis sa scoil agus sa phobal i gcoitinne, agus chuir buntáistí na dteangacha chun cinn i bhfad is i gcéin.
Roinn comhpháirtithe, lena n-áirítear Institiúid Scannán na hÉireann, clúdach ar a n-ardáin meán, lena náirítear nuachtlitreacha, na meáin shóisialta, agus suíomhanna gréasáin, ag cabhrú chun aird a tharraingt ar
#ThinkLanguages, agus ar theangacha i gcoitinne i rith na seachtaine.
Deis eile don chlúdach sóisialta agus preasa a bhí sa Bhabhta Ceannais Náisiúnta i mí Eanáir, ar ar fhreastail
ionadaithe ón Roinn Oideachais agus Óige, ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus ó eagraíochtaí
páirtithe leasmhara eile. Bhí TIBÉ i gceannas ar straitéis chuíchóirithe meán, straitéis a bhí dírithe ar réigiún do
Bhabhta Náisiúnta #ThinkLanguages. Rinne TIBÉ teachtaireachtaí ábhartha a chomhordú lena n-eisiúint sa
phreas náisiúnta agus chuir siad teachtaireachtaí saincheaptha amach chuig soláthraithe nuachta
réigiúnacha i gcontaetha baile iomaitheoirí an bhabhta ceannais. Aithníodh é seo go hinmheánach mar an
bealach ba láidre chun clúdach a dhéanamh, fad a tacaíodh le dáileadh náisiúnta níos leithne
chun teachtaireachtaí comhsheasmhacha a chinntiú agus infheictheacht fhoriomlán a
uasmhéadú. Ghlac an preas clóite, ar líne agus craolta leis an eisiúint, lena n-áirítear an
Westmeath Independent, Wexford Weekly, an Clare Herald, an Independent & Career News.
104