Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 109
Tionchar:
•
Rinne 21,000 scoláire Idirbhliana ceiliúradh ar fud na tíre ar na buntáistí a bhaineann le scileanna teanga.
•
Thug níos mó ná 1,760 scoil cuairt ar champas ollscoile agus bhí baint acu le gníomhaíochtaí
#ThinkLanguages ar an gcampas.
•
Thug os cionn 3,400 scoláire cuairt ar phictiúrlann nó bhreathnaigh siad ar scannán sruthaithe i dteanga
iasachta a chuir an Institiúid Scannán na hÉireann ar fáil.
•
Feasacht mhéadaithe ar chonairí gairme a bhaineann le teanga laistigh den Aontas Eorpach trí
chomórtais Sheachtain #ThinkLanguages, ag tacú le straitéis na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála,
Gairm san AE.
•
Dúirt 99% de na scoláirí a ndearnadh suirbhé orthu go molfaidís an t-imeacht do dhaoine eile.
•
Fuair 81% de na scoláirí a ndearnadh suirbhé orthu amach go raibh scileanna teanga ag comhscoláirí
ranga nach raibh aon eolas acu orthu, mar thoradh ar #ThinkLanguages.
•
Dúirt 75% de na scoláirí a ndearnadh suirbhé orthu gur athraigh an t-imeacht a dtuairim i dtaobh luach
na dteangacha.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Seachtain #ThinkLanguages a phleanáil don naoú bliain ón 16-20 Samhain 2026, agus aiseolas agus
moltaí ó mhúinteoirí rannpháirteacha á chur san áireamh.
•
Leanúint ar aghaidh ag tógáil ar chomhpháirtíochtaí chun sroicheadh #ThinkLanguages a mhéadú sa
phobal i gcoitinne agus an raon gníomhaíochtaí atá ar fáil do scoláirí a leathnú le linn Sheachtain
#ThinkLanguages.
•
Leanúint ar aghaidh ag treisiú #ThinkLanguages chun tacú le haidhmeanna Cuir Fáilte Roimh Theangacha
agus glacadh teangacha san iar-bhunscoil a mhéadú.
•
Comhoibriú tras-roinne a chothú agus a mhéadú, chun tacú le straitéisí ábhartha, amhail
comhpháirtíochtaí reatha leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
109