Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 110
Comhoibriú Múscailte Feasachta
le hInstitiúidí Ardoideachais
Gníomhartha:
3.A.1 3.A.8
3.B.1
13 IA a fhaigheann tacaíocht
Léargas ginearálta:
I mí an Mheithimh 2025, d'eisigh TIBÉ an séú gairm bhliantúil ar iarratais ar mhaoiniú chun tacú le
gníomhaíochtaí múscailte feasachta Languages Connect ag an tríú leibhéal. Tacaíonn na deontais sin le
hInstitiúidí Ardoideachais lena gcláir teanga a chur chun cinn agus spreagann siad scoláirí iar-bhunscoile
chun machnamh a dhéanamh ar staidéar a dhéanamh ar theanga san ollscoil. Rinne trí Institiúid
Ardoideachais déag iarratas agus bronnadh maoiniú €10,000 ar a mhéad orthu.
Príomhaidhmeanna:
•
Naisc idir Institiúidí Ardoideachais agus scoileanna a neartú chun tacú le foghlaim teangacha agus le
feasacht chultúrtha.
•
Cúrsaí teanga a chuirtear ar fáil ag an tríú leibhéal a chur chun cinn, lena n-áirítear príomhábhair,
mionábhair agus cúrsaí roghnacha.
•
Feasacht a ardú ar chonairí gairme agus ar dheiseanna chun staidéar a dhéanamh thar lear atá ar fáil trí
theangacha.
Gníomhaíocht:
D'fhreastail comhordaitheoirí Institiúidí Ardoideachais ar chruinniú bliantúil na nInstitiúidí Ardoideachais i mí
na Bealtaine chun cleachtas a roinnt agus tionscnaimh atá le teacht a phlé. I rith 2025, thug Institiúidí
Ardoideachais maoinithe faoi raon leathan gníomhaíochtaí múscailte feasachta. Áiríodh orthu sin
rannpháirtíocht i Seachtain #ThinkLanguages agus rannpháirtíocht i dTráth na gCeist bliantúil na Seapáinise,
a reáchtáladh in Ollscoil Luimnigh, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus i gColáiste na hOllscoile,
Corcaigh. Tugtar achoimre thíos ar ghníomhaíochtaí breise i rith na bliana.
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU)
•
Márta-Aibreán: Óstáladh trí imeacht ar an gcampas do 130 scoláire ó Choláiste Pobail Lusca, Coláiste
Loreto, Cromghlinn, agus Coláiste Damasa. I measc na ngníomhaíochtaí bhí ceardlanna, cainteanna ó
ambasadóirí mac léinn, agus turais threoraithe ar an gcampas.
•
Nollaig: Thug ambasadóirí foirne agus mac léinn cuairt ar Scoil Naomh Aodán, Coláiste Choilm, Sord, agus
an Institiúid Oideachais chun labhairt faoi chláir teanga agus roghanna gairme gaolmhara.
Coláiste Mhuire gan Smál
•
Meán Fómhair: Rinneadh ceiliúradh ar Lá Eorpach na dTeangacha le hócáid ar fud an choláiste ina raibh
cluichí agus idirghníomhaíochtaí ilteangacha i spásanna foirne agus mac léinn araon.
•
Deireadh Fómhair: Cuireadh staidéar teanga chun cinn le linn dhá Lá Oscailte, le hambasadóirí ag plé le
mic léinn agus teaghlaigh ionchasacha trí thaispeántais agus comhráite neamhfhoirmiúla.
110
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -