Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 111
Ollscoil Mhá Nuad
•
Eanáir: Lá Teanga ar an gcampas inar cuireadh an tSínis chun cinn do dhaltaí iar-bhunscoile ó Choláiste
Chonfaí, Léim an Bhradáin agus ó Choláiste Pobail na Ciseoige.
•
Eanáir: Óstáladh seisiún eolais ar líne do mhúinteoirí agus do threoirchomhairleoirí.
•
Aibreán & Meitheamh: Chuir ambasadóirí na mac léinn cúrsaí teanga chun cinn ag Laethanta Oscailte na
hOllscoile.
Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU)
•
Feabhra: Thug ambasadóirí na mac léinn cuairt ar Choláiste an Spioraid Naoimh, Baile an Easpaig.
•
Márta: Óstáladh imeacht malartaithe cultúir "Talk Languages" le tinreamh láidir ó scoláirí thar chláir éagsúla.
•
Aibreán: Thug ambasadóirí na mac léinn cuairt ar Scoil Mhuire, Béal Átha an Ghaorthaidh.
•
Samhain: Thacaigh ambasadóirí na mac léinn le gníomhaíochtaí le linn Lá Oscailte MTU.
Coláiste Ósta na Sionna
•
Meitheamh: Rinneadh físeán bolscaireachta dhá nóiméad ina bhfuil agallaimh, píosaí scannánaíocht ón
seomra ranga, agus eispéiris socrúcháin Bhliain 2, físeán a bhí le roinnt ar shuíomh gréasáin an choláiste
agus ar na meáin shóisialta.
Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU)
•
Márta: Reáchtáladh imeacht "Bain triail as Teangacha" inar bhain na scoláirí triail as trí theanga. Rinne siad
iniúchadh ar dheiseanna idirnáisiúnaithe, agus chríochnaigh siad tóraíocht taisce lenar bhain téama.
•
Samhain: Óstáladh imeacht treoirchomhairleoirí ar ar fhreastail 75 duine.
Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
•
Eanáir: Óstáladh dhá imeacht ar an gcampas ar ar fhreastail scoláirí ó roinnt scoileanna i mBaile Átha Cliath,
ina raibh ceardlanna, cluichí agus turais timpeall an champais.
•
Samhain: Seoladh oiogiúil an chomórtais "YouTuber for a Day".
•
Nollaig: Seisiún eolais ar líne do threoirchomhairleoirí.
Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne
•
Nollaig: Thug ambasadóirí na mac léinn cuairt ar a n-iarscoil, Coláiste Pobail Mhungairit, chun labhairt faoi
staidéar teanga ag an tríú leibhéal agus chun comórtas póstaer a éascú.
•
I rith na bliana, chruthaigh ambasadóirí na mac léinn físeáin inar taifeadadh a n-eispéiris Erasmus.
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD)
•
Aibreán: Óstáladh an dara searmanas bronnta bliantúil de chuid chomórtas teanga Scoil an Oideachais.
Ghlac ionadaithe ó TIBÉ, ambasáidí agus an CNCM páirt.
•
Márta-Aibreán: Reáchtáladh imeachtaí chun tacú le fochéimithe na chéad bhliana atá ag déanamh staidéar
ar theangacha, ina raibh cainteanna ó léachtóirí agus ó mhic léinn bhliain na céime.
•
Aibreán: Óstáladh imeacht treoirchomhairleoirí le cuir i láthair ó Scoileanna Teangacha, Cultúr agus
Teangeolaíochta UCD, Institiúid na hÉireann don Léann Síneach, agus Líonra Gairmeacha UCD.
Ollscoil na Gaillimhe
•
Eanáir-Aibreán: Reáchtáladh roinnt ceardlann ar theanga agus cultúr na hIodáile, ar an gcampas agus i
scoileanna áitiúla ar fud na Gaillimhe agus an Chláir.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
111