Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 115
Imeachtaí do Scoláirí
35,000 I láthair
Gníomhartha: 3.A.2
3.A.3
3 Imeacht do Scoláirí
Léargas ginearálta:
In 2025, bhí taispeántas ag TIBÉ ag trí imeacht mórscála eile do scoláirí: Higher Options, Career Options Cork,
agus Seó Bóthair Gairme Goethe-Institut. Ag gach imeacht, chuir seastán taispeántais TIBÉ spás tiomnaithe ar
fáil do scoláirí, do mhúinteoirí agus do threoirchomhairleoirí chun labhairt le baill foirne a dhéanann
speisialtóireacht in oideachas teangacha iasachta. Bhain an fhoireann úsáid as taithí phearsanta agus
ghairmiúil chun aird a tharraingt ar na buntáistí a bhaineann le staidéar teanga agus ar an raon leathan
tacaíochtaí atá ar fáil trí TIBÉ agus Languages Connect.
Príomhaidhmeanna:
•
Feasacht a ardú ar na buntáistí pearsanta, sóisialta agus gairme a bhaineann le scileanna teanga agus
díograis a chothú i leith na foghlama teanga.
•
Aird a tharraingt ar thacaíochtaí TIBÉ, mar shampla ranganna teanga Ardteistiméireachta agus an scagaire
Languages Connect ar CareersPortal.ie.
•
Léargais a bhailiú ó scoláirí, múinteoirí agus treoirchomhairleoirí maidir le tuiscintí ar fhoghlaim
teangacha agus réimsí ina bhféadfadh tacaíocht bhreise a bheith ag teastáil.
Gníomhaíocht:
I rith fhómhar 2025, bhí taispeántas ag TIBÉ ag Higher Options ag an RDS, Baile Átha Cliath, agus Career
Options Cork i nDúglas, Co. Chorcaí. Ghlac TIBÉ páirt freisin i Seó Bóthair Gairme Goethe-Institut, arna óstáil
ag Scoil Ghearmáinise Naomh Chilliain, Baile Átha Cliath. Thar na himeachtaí go léir, d'oibrigh TIBÉ faoin
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
115