Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 117
Coimhoibriú le hAmbasáidí agus le hInstitiúidí Cultúrtha
Gníomh: 3.A.5
Léargas ginearálta:
Oibríonn TIBÉ go dlúth le hambasáidí agus le hinstitiúidí cultúrtha chun riachtanais san oideachas teanga a
aithint, acmhainní ábhartha agus deiseanna soghluaisteachta do mhúinteoirí agus do scoláirí a iniúchadh,
agus sineirgí a fhorbairt a chuireann foghlaim teangacha iasachta chun cinn agus a thacaíonn léi go
náisiúnta.
Príomhaidhmeanna:
•
Iniúchadh a dhéanamh ar dheiseanna comhoibrithe i réimsí amhail uasoiliúint teanga, soghluaisteacht,
scéimeanna na gCúntóirí Teanga Iasachta (CTI) agus na gCúntóirí Béarla (SCB), #ThinkLanguages, agus Oíche
Chultúir.
•
Feasacht a mhéadú ar an tábhacht a bhaineann le foghlaim teangacha iasachta.
•
Réigiúin a bhfuil spéis nó éileamh orthu ar thacaíochtaí teanga oidhreachta a shainaithint.
•
Deiseanna comhoibrithe a fhiosrú chun tacaíochtaí uasoiliúna teanga a chur ar fáil atá dírithe ar mhúinteoirí
bunscoile.
•
Tacaíocht a chur ar fáil do shaoránaigh atá rannpháirteach sa chlár CTI.
•
Páirt a ghlacadh in imeachtaí idirnáisiúnta atá dírithe ar oideachas teanga.
•
Tacaíochtaí agus acmhainní TIBÉ a scaipeadh ar fud líonraí ambasáidí agus institiúidí cultúrtha.
Gníomhaíocht:
Tacaíocht agus Acmhainní do Theagasc agus d'Fhoghlaim Teangacha:
•
Thacaigh TIBÉ le hambasáidí agus le hinstitiúidí cultúrtha le cláir ionduchtúcháin do CTInna agus do bhaill
foirne ar cuairt, lena n-áirítear seisiúin ag an ionduchtú náisiúnta do CTInna arna n-óstáil ag an Roinn
Oideachais agus Óige agus tacaíocht ionduchtúcháin do bhaill foirne in Institiúid Chonfúicias, UCC.
•
Thacaigh Ambasáid na Seapáine le hiarratas TIBÉ chuig Fondúireacht na Seapáine leanúint ar aghaidh le
Comhairleoir Seapáinise tiomnaithe a fháil ar iasacht, a d'fhan i bhfeidhm le linn 2025.
•
Chuir TIBÉ feabhas ar fhor-rochtain Ambasáid na Seapáine trí aird a tharraingt ar an áit a múintear
Seapáinis ar fud na hÉireann agus trí chainéil chumarsáide a fheabhsú le scoileanna.
•
Chuir TIBÉ comhairle ar fáil d'Ambasáid na Cóiré maidir le forbairt acmhainní chun cultúr na Cóiré a
chomhtháthú i scoileanna na hÉireann.
Comórtais:
•
Lean TIBÉ lena chomhoibriú fadtéarmach leis an Consejería de Educación de la Embajada de España en
Dublín, La Junta de Castilla y León, agus Oiog Thurasóireachta na Spáinne i mBaile Átha Cliath chun
comórtas físe bliantúil Spáinnise a chur ar fáil do scoláirí sa chúigiú bliain agus a gcuid múinteoirí.
In 2025, bronnadh cúrsaí teanga uasoiliúna ar sheisear scoláirí agus triúr múinteoirí in Castilla y León.
Neartaíonn an comórtas inniúlacht teanga agus chultúrtha ach scoláirí a spreagadh chun dul i ngleic go
cruthaitheach le teanga agus cultúr na Spáinne.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
117