Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 118
Imeachtaí agus Ceiliúradh:
In 2025, d'fhreastail TIBÉ ar raon leathan imeachtaí ambasáide agus institiúidí cultúrtha, ag neartú naisc
thaidhleoireachta, chultúrtha agus oideachais. Áiríodh leis na gníomhaíochtaí::
•
Freastal ar cheiliúradh arna n-óstáil ag ambasáidí na Portaingéile, na Fraince, na Brasaíle, na hIodáile, na
Cóiré, na Seapáine agus na hEilvéise.
•
Rannpháirtíocht in imeachtaí lena n-áirítear Lá Domhanda na Portaingéilise, Lá Bastille, Lá Saoirse na
Brasaíle, imeacht páirtithe leasmhara Ambasáid na Cóiré, agus ceiliúradh lá breithe Impire na Seapáine.
•
Rannpháirtíocht le himeachtaí Alliance Française, chun comhpháirtíochtaí cultúrtha agus teanga a
threisiú tuilleadh.
•
Rannpháirtíocht i Searmanais Duaiseanna Chumann Múinteoirí Fraincise na hÉireann (AIPLF) ag áit
chónaithe Ambasadóir na hEilvéise, ag tacú le naisc fhadbhunaithe le líonraí oideachais teanga.
Comhoibriú agus Cruinnithe:
D'óstáil TIBÉ cruinnithe aonair i rith 2025 le hionadaithe ó go leor ambasáidí agus institiúidí cultúrtha chun
deiseanna nua a iniúchadh agus tógáil ar an gcomhar atá ann cheana.
I measc na bpríomhchruinnithe bhí:
•
Cruinnithe le hionadaithe ó ambasáidí na Gearmáine, na hIodáile agus na hEilvéise chun tacú le hobair
chomhoibríoch.
•
Cruinniú le toscaireacht ón Lárionad um Oideachas agus Comhar Teanga (CLEC) sa tSín agus le hionadaithe
ó Institiúidí Chonfúicias na hÉireann chun plé a dhéanamh ar dheiseanna chun oideachas teanga na Sínise a
fhorbairt tuilleadh.
•
Meán Fómhair 2025: Cruinniú le hAmbasáid na Gearmáine chun comhoibriú leanúnach a phlé, lena náirítear tacaíocht Ghearmáinise don scéim CTI.
•
Deireadh Fómhair 2025: Cruinniú le hAmbasadóir na hEilvéise ag oosrú tosaíochtaí comhroinnte san
oideachas teanga.
•
Samhain 2025: Cruinniú le hAmbasadóir na hIodáile, Stiúrthóir Institiúid Chultúrtha na hIodáile, Uachtarán
Comites, agus Comhchathaoirleach Chumann na Múinteoirí Iodáilise/Associazione Insegnanti di Italiano
chun plé a dhéanamh ar sholáthar na hIodáilise agus deiseanna uasoiliúna do mhúinteoirí a neartú.
•
Comhoibriú leanúnach le hAmbasáid na Seapáine, lena n-áirítear tacaíocht do Chlár Teagaisc Malartaithe na
Seapáinise (JET). Thug TIBÉ cur i láthair freisin ar an ionduchtú do rannpháirtithe an Chláir JET sula dtéann
siad.
•
Comhpháirtíochtaí leanúnacha le hinstitiúidí cultúrtha chun deiseanna uasoiliúna teanga iasachta a chur ar
fáil do mhúinteoirí bunscoile trí chomhaontuithe seirbhíse maoinithe.
Múscailt Feasachta:
•
Chomhoibrigh TIBÉ le go leor de na hambasáidí agus na hinstitiúidí cultúrtha ar iarrachtaí múscailte
feasachta, amhail Oíche Chultúir, chun feasacht a mhéadú ar theangacha na n-ambasáidí sin, agus ar na
tacaíochtaí a chuireann TIBÉ ar fáil do na teangacha sin.
•
In 2025, chuaigh ceithre institiúid chultúrtha isteach i Seachtain #ThinkLanguages mar chomhpháirtithe
den chéad uair, ag leathnú líonra comhpháirtíochta an chláir. D'óstáil siad imeachtaí ar an láthair, thairg
siad ceardlanna, thug siad aoichainteanna, agus chuir siad acmhainní foghlama ar líne ar fáil, le níos mó
ná 190 scoláire ag freastal ar imeachtaí ar an láthair.
118
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -