Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 120
Tionchar:
•
Leathnaíodh sroicheadh chur chun cinn teanga trí chomhpháirtíochtaí nua, lena n-áirítear
rannpháirtíocht na n-institiúidí cultúrtha den chéad uair i Seachtain #ThinkLanguages.
•
Deiseanna neartaithe soghluaisteachta agus uasoiliúna trí chomórtais agus cúrsaí teanga thar lear a
fhaigheann tacaíocht ó ambasáidí.
•
Acmhainn teanga múinteoirí bunscoile mhéadaithe trí thionscnaimh uasoiliúna leanúnacha a chuirtear ar
fáil le hinstitiúidí cultúrtha.
•
Tacaíodh le feabhas a chur ar cháilíocht, ionduchtú agus inbhuanaitheacht na gclár CTI, Cúntóirí Béarla
agus JET trí dhlúthchomhoibriú le hambasáidí.
•
Músclaíodh feasacht ar éagsúlacht teanga, ar theangacha oidhreachta, agus ar theangacha
tearctheagasctha trí thionscnaimh chomhpháirteacha múscailte feasachta.
•
Doimhníodh naisc straitéiseacha idir oideachas, cultúr agus taidhleoireacht, agus TIBÉ á shuíomh mar
chomhpháirtí iontaofa maidir leis an ilteangachas a chur chun cinn.
Portaingéilis Embassy
Na chéad chéimeanna eile:
•
Leanúint ar aghaidh ag bualadh go rialta le hionadaithe ambasáidí agus institiúidí cultúrtha chun
athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus tuilleadh deiseanna comhoibrithe a aithint.
•
Córais a iniúchadh chun soláthar agus rochtain ar theangacha curaclaim a tugadh isteach le déanaí a
mhéadú.
•
Deiseanna a threisiú chun acmhainn teanga a fhorbairt i scoileanna trí ghlacadh níos mó a spreagadh i
Scéim na gCúntóirí Béarla.
•
Leanúint ar aghaidh ag oosrú conas tacú níos fearr leis an scéim CTInna don oideachas teanga in Éirinn
agus í a ghiaráil, go háirithe i gcomhthéacs thabhairt isteach na Nuatheangacha Iasachta i gCuraclam
Teanga na Bunscoile.
120
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -