Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 121
Comhoibriú Múscailte Feasachta - Oíche Chultúir
18 dTeanga
Gníomhartha:
3.A.2 3.A.5
3.A.8
294 Rannpháirtí
Léargas ginearálta:
D'óstáil TIBÉ agus Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn imeacht Oíche Chultúir in Áras na hEorpa
chun Oíche Chultúir agus Lá Eorpach na dTeangacha a cheiliúradh. Leis an ócáid cuireadh blasranganna
teanga ar fáil in 18 dteanga éagsúla, rud a thug deis uathúil don phobal éagsúlacht teanga a fhiosrú agus
taithí a fháil ar theangacha i suíomh tarraingteach, neamhfhoirmiúil.
Príomhaidhmeanna:
•
Réimse leathan blasranganna teanga a chur ar fáil trí imeacht poiblí ar scála mór.
•
Tábhacht agus infheictheacht teangacha iasachta a chur chun cinn trí ardáin chultúrtha náisiúnta.
•
Ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 30 bliain ó tháinig an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn
isteach san AE trí Ghearmáinis, Fionlainnis agus Sualainnis a thairiscint.
•
Gníomhaíochtaí Oíche Chultúir agus Lá Eorpach na dTeangacha a thabhairt le chéile chun infheictheacht
agus rannpháirtíocht a uasmhéadú.
Gníomhaíocht:
Reáchtáladh dhá imeacht in 2025:
Oíche Chultúir - Áras na hEorpa, Baile Átha Cliath (19 Meán Fómhair)
Tugadh cuireadh do rannpháirtithe freastal ar an láthair, trí réamhchlárú nó bualadh isteach. Cuireadh deich
dteanga ar fáil mar chuid den chlár: Araibis, Sínis, Cróitis, Gearmáinis, Seapáinis, Teanga Chomharthaíochta na
hÉireann (TCÉ), Polainnis, Portaingéilis, Spáinnis agus Sualainnis. Bhí an ócáid mar chuid de Chonair
Chultúrtha Eorpach arna comhordú le hInstitiúidí Náisiúnta Cultúir an AE. D'fhéadfadh cuairteoirí stampa a
bhailiú dá "bpas" nuair a d9fhreastail siad ar bhlas-seisiúin teanga
Lá Eorpach na dTeangacha - Imeacht ar Líne (26 Meán Fómhair)
Leathnaigh an dara sraith ranganna ar líne an tairiscint le hocht dteanga bhreise: Danmhairgis, Fraincis,
Fionlainnis, Gréigis, Gaeilge, Iodáilis, Máltais, agus Úcráinis.
Le linn an dá oíche, ghlac 294 rannpháirtí páirt i mblasranganna, rud a léiríonn spéis láidir an phobail agus
rannpháirtíocht éagsúil teanga.
Tionchar:
•
Bhí feiceálacht láidir ar theangacha trí Oíche Chultúir, mórócáid náisiúnta a mheallann lucht féachana
poiblí forleathan.
•
Ghlac beagnach 300 duine páirt i mblasranganna ar fud an dá oíche.
•
Thug 100% de fhreagróirí an tsuirbhé le oos go molfaidís an ócáid do chara.
•
Dúirt 83% de rannpháirtithe Oíche Chultúir gur bhraith siad spreagtha chun leanúint ar aghaidh ag
foghlaim na teanga a bhfuair siad blaiseadh di.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
121