Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 123
Freastal ar Fhóraim agus Imeachtaí do
Mhúinteoirí agus do Pháirtithe Leasmhara
Gníomhartha:
3.A.3 3.A.6
19 gCinn d’Fhóraim agus Imeachtaí
Léargas ginearálta:
Ghlac TIBÉ páirt i raon leathan comhdhálacha agus imeachtaí páirtithe leasmhara in 2025. Chuir na
rannpháirtíochtaí sin deiseanna ar fáil chun tionscadail TIBÉ a roinnt, aird a tharraingt ar dhea-chleachtas san
oideachas teanga, comhpháirtíochtaí a dhoimhniú, agus comhoibriú nua a spreagadh ar fud na hearnála.
Príomhaidhmeanna:
•
Eolas a scaipeadh faoi obair TIBÉ maidir le tacú le cur i bhfeidhm na bpríomhghníomhartha sa Straitéis
Languages Connect.
•
Léargas a thabhairt do mhúinteoirí, do phríomhoidí agus do pháirtithe leasmhara ar thábhacht na
dteangacha iasachta ón mbunoideachas go dtí an t-iar-bhunoideachas, an tríú leibhéal, agus níos faide
anonn.
•
Plé ar fhoghlaim teangacha agus forbairtí curaclaim a éascú.
•
Acmhainní agus tacaíochtaí a d'fhorbair TIBÉ a roinnt.
•
Comhpháirtíochtaí le páirtithe leasmhara a neartú agus a leathnú.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
123