Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 125
Comhdhálacha agus Páipéir Acadúla
Gníomh: 3.A.8
Tá cuid mhór d'obair TIBÉ bunaithe ar thaighde. Tacaíonn taighde le monatóireacht, meastóireacht agus
forbairt straitéiseach. Spreagtar baill foirne chun cur i láthair a dhéanamh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta
chun torthaí a roinnt agus líonraí acadúla agus gairmiúla a neartú.
Comhdháil Athnorbairt na Sraithe Sinsearaí do Cheannairí Scoile
I mí Feabhra 2025, ghlac TIBÉ páirt i gComhdháil Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí do Cheannairí Scoile i
mBaile Átha Cliath. Thug an ócáid seo ceannairí scoile agus páirtithe leasmhara na Sraithe Sinsearaí le chéile
chun dul i ngleic le forbairtí leanúnacha in oideachas na Sraithe Sinsearaí. Phléigh TIBÉ go díreach leis an
lucht freastail maidir le ról na nuatheangacha iasachta sa tSraith Shinsearach, ag cur le plé ar fud na hearnála
agus ag neartú naisc le ceannaireacht scoile agus le hionadaithe na Roinne Oideachais agus Óige.
Departament d9Educació de Catalunya (Barcelona)
I mí na Bealtaine 2025, tugadh cuireadh do Kenia Puig cuir chuige Éireannacha a chur i láthair maidir le
héagsúlacht teanga a chur chun cinn ag an iar-bhunleibhéal. Thug sí cur i láthair ag cur síos ar obair TIBÉ
laistigh den straitéis Languages Connect agus d'éascaigh sí ceardlann do cheannairí scoile na Catalóine
maidir le húsáid fhoireann uirlisí féinmheastóireachta SIAÁS d'fhorbairt teanga scoile uile.
FCÁT Domhanda 2025
I mí an Mheithimh 2025, chuir Laura Quigley i láthair Navigating CLIL Implementation and Transforming MFL
Teacher Practice in Ireland: Insights from a National Pilot at World CLIL 2025, a tionóladh in Ollscoil Mhá Nuad.
Chuir Wanlin Li, Oiogeach Forbartha TIBÉ, Enhancing Learning for Students with Dyslexia: A Story with Mandarin
and CLIL i láthair thar ceann fhoireann taighde TIBÉ.
Fóram Oideachais API (Fóram an Chumainn um Oideachas Ilteangacha agus Idirchultúrtha)
I mí Mheán Fómhair 2025, thug Kenia Puig cur i láthair a chuir le plé tras-Eorpach ar oideachas breisteangach,
idirchultúrtha agus oideachas arna threorú ag Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha.
Institiúid Oideachais Arabach na hÉireann - Qatar Foundation International (UCD)
Thug Qatar Foundation International cuireadh do Kenia Puig cur i láthair a dhéanamh ag céad Institiúid
Oideachais Arabach na hÉireann an 28-29 Deireadh Fómhair 2025. Labhair sí ar leasuithe náisiúnta ar
oideachas teanga agus ar thacaíochtaí chun an Araibis a fhorbairt mar nuatheanga iasachta.
Comhdháil Bhliantúil IRAAL 2025
Ar an 21 Samhain 2025, chuir Karen Ruddock The Impact of PPLI on Language Education in Ireland: Learning
from the past, looking into the future. Chuir Salvo Cacciato, i gcomhpháirtíocht le Jane O'Toole ó Scoil
Chrónáin, taighde TIBÉ i láthair freisin ar an gclár Cuir Fáilte Roimh Theangacha: Say Yes to Languages: Paving
the Way for the Introduction of MFL to the Primary School Curriculum.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
125