Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 127
Comhoibriú Múscailte Feasachta – Léamhatón SI
20 Teanga.
Gníomhartha:
3.A.2 3.A.8
133 Rannpháirtí
Léargas ginearálta:
Spreagann Léamhatón SI páistí chun an oiread leabhar agus is féidir a léamh i rith mhí na Samhna agus
airgead á bhailiú do Scléaróis Iolrach Éireann (SI Éireann). Tá TIBÉ ag comhoibriú le SI Éireann le sé bliana
anuas ach urraíocht a dhéanamh ar dhuais i gcatagóir speisialta teanga iasachta, ag tacú le foghlaim
teangacha agus le litearthacht araon.
Príomhaidhmeanna:
•
Páistí a spreagadh chun léamh i dteanga nach Béarla ná Gaeilge í.
•
Tábhacht na léitheoireachta i dteanga oidhreachta a chur chun cinn do thuismitheoirí.
•
Feasacht a mhéadú ar Léamhatón SI agus ar an modúl bunscoile Cuir Fáilte Roimh Theangacha trí thraschur chun cinn.
Gníomhaíocht:
Chuir Languages Connect Léamhatón SI chun cinn trína chainéil chumarsáide agus spreag sé daoine óga
chun leabhair i dteanga iasachta a léamh agus léirmheas a thabhairt orthu. Thug an comórtas deis do pháistí
léirmheasanna a chur isteach ar líon ar bith leabhar sa teanga ba rogha leo.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
127