Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 130
Comhoibriú le CareersPortal.ie
Bhí comhpháirtíocht TIBÉ le CareersPortal.ie lárnach i gcumarsáid treorach i gcónaí in 2025. Áiríodh an méid a
leanas leis na gníomhaíochtaí:
•
Ailt Languages Connect a chur san áireamh go míosúil i nuachtlitreacha CareersPortal.
•
Tíl Languages Connect atá le feiceáil i ngach ceann de na 33 earnáil ghairme ar an suíomh gréasáin.
•
Nuashonruithe rialta ar na meáin shóisialta lena gcuirtear ábhar a bhaineann le teanga chun cinn.
•
Nuashonruithe leanúnacha ar Aimsitheoir Cúrsaí Languages Connect a chinntigh gur liostaíodh gach
cúrsa tríú leibhéal ina bhfuil teanga mar mhórábhar, mionábhar nó ábhar roghnach.
Tionchar:
•
Feasacht fheabhsaithe i measc treoirchomhairleoirí ar ról na dteangacha i roghnú ábhair, i staidéar breise,
agus i gconairí gairme
•
Rannpháirtíocht láidir le hábhar a bhaineann le teanga ar CareersPortal.ie, lena n-áirítear:
• 290,000 cuairteoir ar leathanaigh na hearnála teanga
• 25,000 cuairteoir ar fhíseáin gairme teanga
• 25,000 cuairteoir ar leathanaigh rogha ábhair teanga
130
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -