Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 133
Eolas agus Tacaíocht do Theangacha Ardteistiméireachta
Gníomh: 3.A.6
8 Seisiún Eolais ar Líne
Léargas ginearálta:
D'fhonn an chumarsáid le scoláirí, tuismitheoirí agus caomhnóirí a neartú maidir le conairí teanga na
hArdteistiméireachta, chuir TIBÉ clár seisiún eolais ar líne ar fáil in 2025. Díríodh sna seisiúin seo ar
theangacha curaclaim a tugadh isteach le déanaí agus ar theangacha tearctheagasctha, chomh maith le
scrúdú neamhchuraclaim Úcráinis na hArdteistiméireachta, a tugadh isteach den chéad uair i mí an
Mheithimh 2025.
Bhí sé mar aidhm ag na seisiúin seo an lucht freastail a chur ar an eolas faoi dhoiciméid ábhartha curaclaim
agus eolas faoi scrúduithe stáit.
Príomhaidhmeanna:
•
Feasacht a ardú i measc tuismitheoirí agus scoláirí maidir le príomhthacaíochtaí agus príomhfhaisnéis atá
ar fáil ó TIBÉ agus ó ghníomhaireachtaí eile.
•
Tacú le tuismitheoirí scoláirí reatha agus ionchais na dteangacha curaclaim a tugadh isteach le déanaí
agus na dteangacha tearctheagasctha.
•
Páirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir le príomhfhorbairtí sna sonraíochtaí nua agus iad a phlé leo.
Gníomhaíocht:
In 2025, chuir TIBÉ cúig sheisiún eolais ar líne ar fáil do thuismitheoirí agus do scoláirí a raibh suim acu sna
teangacha curaclaim Ardteistiméireachta a tugadh isteach le déanaí agus sna cinn thearctheagasctha, lena náirítear an Liotuáinis, an Mhandairínis, an Pholainnis, an Phortaingéilis agus an Rúisis. Ghlac 358 duine páirt
san iomlán. Clúdaíodh sna seisiúin sonraíochtaí curaclaim, cáipéisíocht tacaíochta, riachtanais scrúduithe stáit
agus cleachtais éifeachtacha staidéir ar scoil agus sa bhaile. Rinneadh cur chun cinn trí líonraí pobail áitiúla,
cainéil meán sóisialta agus ambasáidí ábhartha.
Ina theannta sin, chuir TIBÉ tacaíocht spriocdhírithe ullmhúcháin do scrúduithe Ardteistiméireachta ar fáil do
scoláirí Rúisise don dara bliain as a chéile. Mheall seisiún ar líne a rinneadh trí Rúisis 82 clárúchán ó scoláirí sa
chúigiú agus sa séú bliain.
Ag an am céanna, thacaigh TIBÉ le scoláirí a bhí ag ullmhú do scrúdú neamhchuraclaim Úcráinis na
hArdteistiméireachta le trí sheisiún eolais tiomnaithe ar líne a cuireadh ar fáil i mí Eanáir, i mí Dheireadh
Fómhair agus i mí na Samhna 2025. Chláraigh 500 rannpháirtí san iomlán sna seisiúin seo. Chun cur leis na
seisiúin, d'fhorbair agus d'aistrigh TIBÉ bileog eolais thiomnaithe, a sholáthraíonn treoir shoiléir do scoláirí
maidir le conas ullmhú don scrúdú.
Le linn na seisiún go léir, thapaigh TIBÉ an deis chun aird a tharraingt ar ranganna Ardteistiméireachta, a
thacaíonn le scoláirí atá ag déanamh staidéir ar theangacha lasmuigh den chóras scoile agus a chothaíonn
braistint phobail i measc na bhfoghlaimeoirí.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
133