Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 135
Cuairteanna chomhairleach faoi na
Nuatheangacha Iasachta sa scoil
Gníomh: 3.B.4
5 Seisiún
Léargas ginearálta:
Tacaíonn Cuirteanna Chomhairleach faoi na Nuatheangacha Iasachta sa Scoil le foirne scoile agus a soláthar
teangacha iasachta á athbhreithniú, á fheabhsú agus á leathnú acu. Cabhraíonn na seisiúin le scoileanna a
chinntiú go léirítear riachtanais agus deiseanna áitiúla lena dtairiscint teanga.
Príomhaidhmeanna:
•
Na tacaíochtaí a theastaíonn ó fhoirne ardbhainistíochta a chur ar fáil dóibh le gur féidir leo soláthar
teanga a fheabhsú.
•
Feasacht a mhéadú i measc na hardbhainistíochta ar an tábhacht a bhaineann le foghlaim teangacha do
gach scoláire.
•
Glacadh le roghanna teanga iasachta atá oiriúnach do chomhthéacs gach scoile a spreagadh, a leathnú
agus a éagsúlú.
Gníomhaíocht:
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar sheisiúin chomhairleacha a cuireadh ar fáil roimhe seo, lean na Seisiúin
Chomhairliúcháin leis an mbranda nua Let's Talk Languages ag tacú le foirne scoile scrúdú a dhéanamh ar a
soláthar foriomlán NTI, le béim ar leith ar scoileanna atá tar éis tosú ag obair le TIBÉ. Le linn na gcuairteanna
seo, fuair Oiogigh Forbartha TIBÉ tacaíocht ghairmiúil freisin trí bhreathnóireachtaí ceachta agus idirphlé
cuiditheach.
Tionchar:
•
Thuairiscigh na rannpháirtithe gur thacaigh na seisiúin le soláthar NTI ina scoileanna.
•
Bhraith scoileanna níos muiníní maidir lena gcuraclam NTI a athbhreithniú, tacú leis agus é a éagsúlú.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Leanúint ar aghaidh leis na seisiúin seo a chur ar fáil chun tacú le scoileanna an straitéis Languages
Connect a chur i bhfeidhm.
•
Tacaíocht leanúnach a chur ar fáil d'Oiogigh Forbartha TIBÉ mar chuid den obair seo.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
135