Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 136
Sprioc 3 - Ag Dul Chun Cinn
Ag tógáil ar rannpháirtíocht láidir, aiseolas dearfach agus tionscnaimh múscailte feasachta
in oideachas teangacha iasachta in 2025, daingneoidh agus leathnóidh TIBÉ a ról mar
cheannaire náisiúnta maidir le luach, infheictheacht agus ábharthacht teangacha iasachta
a chur chun cinn.
Beidh Seachtain #ThinkLanguages ina príomhthionscnamh náisiúnta múscailte feasachta i
gcónaí, ag soláthar ardán infheicthe, cuimsitheach agus dírithe ar an scoláire chun
teangacha agus cultúir a cheiliúradh. Leanfaidh Seachtainí #ThinkLanguages de bheith ag
forbairt mar fhreagairt ar aiseolas ó mhúinteoirí agus ó scoláirí, agus coinneofar na
croíghnéithe is éifeachtaí: ceannaireacht scoláirí, rannpháirtíocht láidir phobail, comórtas
cruthaitheach, agus comhpháirtíochtaí fóinteacha le hinstitiúidí ardoideachais, institiúidí
cultúrtha, ambasáidí agus gníomhaireachtaí náisiúnta. Cuirfear béim ar naisc idir iarbhunscoileanna, bunscoileanna agus institiúidí ardoideachais a neartú tuilleadh chun tacú
le glacadh teanga leanúnach ag príomhphointí aistrithe.
Leanfaidh forbairt comhpháirtíochtaí de bheith ina tosaíocht straitéiseach lárnach.
Déanfaidh TIBÉ comhoibriú le hinstitiúidí ardoideachais a dhoimhniú lena chinntiú go
mbeidh gníomhaíochtaí múscailte feasachta ailínithe go dlúth le conairí dul chun cinn,
deiseanna Erasmus agus riachtanais an mhargaidh fostaíochta. Leanfaidh an tsamhail
mhaoinithe institiúidí ardoideachais de bheith ag tacú le for-rochtain nuálach, le
rannpháirtíocht piaraí le piaraí trí ambasadóirí mac léinn, agus le tionscnaimh
spriocdhírithe do mhúinteoirí agus do threoirchomhairleoirí. Déanfaidh meastóireacht
leanúnach eolas don chaoi a soláthraíonn an infheistíocht seo tionchar náisiúnta agus a
dtacaíonn sí le rochtain réigiúnach.
Bainfear leas breise as comhoibriú le hambasáidí agus le hinstitiúidí cultúrtha chun tacú le
héagsúlacht teanga, le teangacha oidhreachta agus le teangacha tearctheagasctha, agus
conairí soghluaisteachta, uasoiliúna agus cúnta a neartú ag an am céanna. Leanfaidh na
comhpháirtíochtaí sin ar aghaidh ag saibhriú tionscnaimh náisiúnta amhail
#ThinkLanguages, Oíche Chultúir agus cláir uasoiliúna múinteoirí, agus beidh ról lárnach
acu maidir le tacú le forbairt inbhuanaithe teangacha curaclaim, go háirithe iad siúd ag a
bhfuil dúshláin acmhainne.
Leanfaidh TIBÉ de thús áite a thabhairt do rannpháirtíocht spriocdhírithe le scoláirí,
tuismitheoirí agus treoirchomhairleoirí trí imeachtaí do scoláirí, acmhainní dírithe ar
ghairm bheatha agus seisiúin faisnéise thiomnaithe. Léiríonn an rannpháirtíocht láidir idir
Languages Connect agus CareersPortal.ie an tábhacht a bhaineann le treoir shoiléir,
inrochtana agus cothrom le dáta a chur ar fáil maidir le conairí foghlama teanga.
136
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -