Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 137
Beidh tábhacht i gcónaí le tionscnaimh chun feasacht an phobail a mhúscailt, lena náirítear leas a bhaint as #ThinkLanguages agus Cuir Fáilte Roimh Theangacha chun
tuismitheoirí agus pobail a bhaint amach, Oíche Chultúir, agus Léamhatón SI, agus iad ina
gcórais thábhachtacha chun lucht féachana a bhaint amach lasmuigh de shuíomh na
scoile. Tacaíonn na tionscnaimh sin le tuiscint shochaíoch níos leithne ar an ilteangachas, ar
chuimsiú agus ar éagsúlacht chultúrtha, rud a neartaíonn áit na dteangacha i dtírdhreach
sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch na hÉireann.
Leanfaidh cleachtas atá bunaithe ar thaighde de bheith mar bhonn faoi ghníomhaíocht
Sprioc 3. Trí rannpháirtíocht leanúnach i gcomhdhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta agus
trí thorthaí taighde a scaipeadh, cuirodh TIBÉ le hidirphlé bunaithe ar fhianaise ar
ilteangachas, forbairt curaclaim agus beartas teanga, ag cinntiú go bhfanfaidh tionscnaimh
múscailte feasachta ailínithe le taighde oideachais agus le dea-chleachtas idirnáisiúnta.
Trí chomhoibriú leanúnach, cumarsáid straitéiseach agus pleanáil bunaithe ar fhianaise,
leanfaidh TIBÉ ar aghaidh ag neartú feasachta ar theangacha, ag tacú le rogha ábhair
eolasach, agus ag tógáil conairí comhleanúnacha ó luath-nochtadh teanga go dtí staidéar
breise, soghluaisteacht agus fostaíocht.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
137