Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 14
Scéimeanna Maoinithe a thugann aghaidh ar Ghanntanas
Múinteoirí Teanga
3 Mhúinteoir NTI ar ar Cuireadh Uasoiliúi
Gníomh: 1.B.1
1 Mhúinteoir Cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta
Léargas ginearálta:
Bainistíonn TIBÉ dhá scéim mhaoinithe atá deartha chun dul i ngleic leis an nganntanas náisiúnta múinteoirí
teanga cáilithe in Éirinn. Leis an Scéim Uasoiliúna Múinteoirí Nuatheangacha Iasachta (NTI), cuirtear deiseanna
ar fáil do mhúinteoirí uasoiliúint a fháil i dteanga a bhfuil cáilíocht acu inti ach nach bhfuil á teagasc acu faoi
láthair, nó nach bhfuil á teagasc go hiomlán. Le huasoiliúint teanga, seans go mbeidh an múinteoir in ann an
teanga a thabhairt isteach ina scoil nó cur le soláthar na teanga laistigh den scoil.
Tacaíonn Scéim Mhaoinithe na Comhairle Múinteoireachta maidir le hEasnamh sna Critéir Chlárúcháin le
múinteoirí a bhfuil líon beag creidiúintí in easnamh acu, chun cabhrú leo critéir na Comhairle Múinteoireachta
a chomhlíonadh le bheith cáilithe mar mhúinteoirí teanga in Éirinn.
Príomhaidhmeanna:
•
Cur le líon agus cumas na múinteoirí teanga cáilithe agus cláraithe in Éirinn.
•
Cur ar chumas scoileanna leas ceart a bhaint as acmhainn cháilithe atá ann cheana agus soláthar teanga a
thabhairt isteach nó a leathnú.
•
Tacú le múinteoirí riachtanais chlárúcháin na Comhairle Múinteoireachta a chomhlánú.
Gníomhaíocht:
Scéim Uasoiliúna Múinteoirí NTI
Ó cuireadh tús leis an scéim in 2018, ceadaíodh 80 iarratas. In 2025, bhain triúr múinteoirí leas as deiseanna
uasoiliúna—beirt sa Ghearmáinis agus duine amháin san Iodáilis. Tá an scéim fós oscailte d'iarratais ar bhonn
leanúnach.
Tionchar:
Thuairiscigh scoileanna a bhí páirteach sa scéim go raibh cumas méadaithe ann níos mó teangacha a thairiscint,
soláthar teanga neartaithe, agus gur cuireadh teangacha chun cinn ar bhealach níos fearr. Leag múinteoirí a
chríochnaigh cúrsa uasoiliúna béim ar mhuinín fheabhsaithe agus leibhéil inniúlachta CCTE (Creat
Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha) fheabhsaithe mar na torthaí ba luachmhaire.
Aiseolas múinteoirí:
"Bhí an cúrsa seo
thar a bheith cabhrach dom,
go háirithe toisc go raibh sé i dtír
ina labhraítear an sprioctheanga,
rud a thug deis dom an teanga
a úsáid i gcónaí."
"Bhí an cúrsa seo
an-mhaith domsa. Chuir
mé feabhas ar mo scileanna foghlama
agus teagaisc teanga. Mholfainn go
mbeadh deis ag múinteoirí NTI cuairt a
thabhairt ar thír ina labhraítear an
sprioctheanga agus níos mó
taithí a fháil."
14
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -