Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 140
Comhoibriú le Fiontair agus le Fostóirí
Gníomh: 4.A
Líon na gcuairteoirí ar phróifíl CareersPortal.ie: 295K
Léargas ginearálta:
I rith na bliana, d'oibrigh TIBÉ le fostóirí, le comhlachtaí oontraíochta agus leis an earnáil trádála chun cur le
tuiscint na scoláirí ar an luach a bhaineann le scileanna teanga sa saol mór. Leag na comhpháirtíochtaí seo
béim ar an gcaoi a dtacaíonn teangacha le hinfhostaitheacht, le fás oontraíochta agus le rannpháirtíocht
idirnáisiúnta i réimse leathan comhthéacsanna gairmiúla.
Príomhaidhmeanna:
•
Feasacht scoláirí a mhéadú maidir le hábharthacht scileanna teanga do chonairí gnó, oontraíochta agus
gairme éagsúla, agus ról gníomhach ag fostóirí sa chumarsáid seo.
•
Deiseanna a thabhairt do scoláirí féachaint ar an gcaoi a n-úsáidtear teangacha san ionad oibre agus i
suíomhanna gnó.
•
Dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara an tionscail chun dearcthaí i leith scileanna teanga a iniúchadh,
riachtanais an lucht saothair atá ag teacht chun cinn a aithint agus leathnú ar dheiseanna taithí oibre a
bhaineann le teanga a spreagadh.
•
Foghlaim teangacha a aithint agus dearbhú a thabhairt di trí chomórtais agus imeachtaí a dhíríonn ar an
bhoontraíocht chun tacú le spreagadh agus muinín na scoláirí.
Gníomhaíocht:
Comhoibriú leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála (RGET)
In 2025, lean TIBÉ lena chomhoibriú leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála (RGET) chun tacú le
Déanann Teangacha Nasc: Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn agus leis an straitéis Gairm
san AE. Ag imeachtaí do scoláirí iar-bhunscoile, leag TIBÉ agus RGET béim ar dheiseanna gairme san Aontas
Eorpach agus ar an ról lárnach atá ag scileanna teanga in obair an AE. Nuair nach raibh ionadaíocht dhíreach
ag TIBÉ, roinn comhghleacaithe RGET ábhair Languages Connect chun príomhtheachtaireachtaí maidir le
teangacha agus forbairt gairme a threisiú, agus dháil TIBÉ acmhainní de chuid RGET ag imeachtaí roghnaithe.
Chomh maith leis sin, thacaigh RGET le Seachtain #ThinkLanguages, ag déanamh urraíocht ar dhuais
Chomórtas Fhoireann na Seaimpíní - turas go dtí an Bhruiséil - a thugann léargas díreach do scoláirí ar
chonairí gairme an AE. D'fhorbair TIBÉ ábhar spriocdhírithe a dhíríonn ar ghairmeacha a bhaineann le teanga
laistigh den AE agus ar fud earnálacha lena n-áirítear na meáin, oontraíocht agus trádáil. Chuir an t-iriseoir
Méabh Mc Mahon, a dhéanann speisialtóireacht ar ghnóthaí Eorpacha, le físeán tiomnaithe agus d'fhreastail
sí ar Bhabhta Ceannais Chomórtas Fhoireann na Seaimpíní #ThinkLanguages, ag tabhairt léargas pearsanta ar
an gcaoi a dtacaíonn scileanna teanga le róil ghairmiúla éagsúla.
Rannpháirtíocht sna Meáin
Chun feasacht an phobail a leathnú ar an tábhacht a bhaineann le cumas teanga na hÉireann a fhorbairt,
chomhoibrigh TIBÉ leis an Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha agus Cosaint, Thomas Byrne ar alt sna meáin
náisiúnta. Bhí sé le feiceáil i bhforlíonadh speisialta san Irish Independent, Why learning EU languages matters
for Ireland’s place in Europe.
140
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -