Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 143
Sprioc 4 - Ag Dul Chun Cinn
Beidh deis sa chomhairliúchán atá le teacht ar Straitéis leantach do Theangacha Iasachta
san Oideachas chun féachaint arís ar ról gníomhaireachtaí oontraíochta maidir le
teachtaireachtaí a sheachadadh do chliantchuideachtaí maidir le tábhacht na dteangacha
iasachta. D'fhéadfadh sé a bheith úsáideach sa chomhthéacs seo roinnt taighde a
choimisiúnú, chun an luach a bhaineann le scileanna teanga agus foghlaim teangacha
d'fhostóirí a chinneadh.
Ba cheart cur chuige níos trasearnála a ghlacadh maidir le straitéis maidir le teangacha
iasachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Tá tábhacht nach beag leis an bhfoghlaim
teanga i bhforbairt scileanna a theastaíonn ón lucht saothair amach anseo, amhail
inniúlacht idirchultúrtha, ionbhá agus inoiriúnaitheacht, i gcomhthéacs na saoránachta
domhanda agus ní mór iad a aithint i gcomhthéacs an ardoideachais agus na oontraíochta.
Tá saoránaigh dhomhanda ag teastáil ó Éirinn atá ilteangach le hinniúlacht láidir
idirchultúrtha, agus atá in ann a mbealach a dhéanamh i gcomhthéacsanna cultúrtha
éagsúla, agus is gá an teachtaireacht sin a leabú lasmuigh den scoil. Cé gur baineadh úsáid
as scileanna teanga ó dhaoine a tháinig ó áiteanna thar lear chun ganntanas scileanna a
líonadh, is beag a chuireann sé sin le scileanna teanga nó idirchultúrtha an lucht saothair
náisiúnta i gcoitinne.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
143