Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 146
Éifeachtúlacht Acmhainní/ Gníomhú ar son na hAeráide
Mar thoradh ar Chinneadh an Rialtais S180/20/10/0434C agus an tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um
Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021 a síníodh ina dhlí i mí Iúil 2021, tá TIBÉ tiomanta d'éifeachtúlacht
acmhainní agus aithníonn sé go háirithe beartas an rialtais maidir le hÉifeachtúlacht Acmhainní agus
Gníomhú ar son na hAeráide, m.sh., Úsáid an Mhachnaimh ar Chúinsí Comhshaoil agus Sóisialta a Chur Chun
Cinn i Soláthar Poiblí (Ciorclán 20/2019). Cloíonn TIBÉ le Ciorclán 01/2020 maidir leis na hAstaíochtaí a
bhaineann le hAerthaisteal Oiogiúil a Fhritháireamh ach astaíochtaí taistil a fhritháireamh agus nósanna
imeachta inmheánacha a leanúint.
Tugann Treochlár um Ghníomhú ar son na hAeráide TIBÉ breac-chuntas ar ghníomhaíochtaí TIBÉ maidir le
spriocanna, daoine, foirgnimh agus bealaí oibre. Tá oiog TIBÉ lonnaithe ar champas Ghníomhaireacht
Forbartha an Mhoil Dhigitigh (DHDA), le hoiog i bhfoirgneamh na hIathlainne (Rátáil Fuinnimh Foirgnimh A3)
a thaifead 5.39 tonna astaíochtaí CO2 in 2025, laghdú ó 7.64 tonna CO2 in 2024.
Tá TIBÉ lonnaithe faoi láthair ag an Mol Digiteach i Sráid Thomáis, Baile Átha Cliath 8.
Achoimre Airgeadais
2025
Tuarastail na Croínoirne
€1,375k
Tuarastail na Oifigeach Forbartha
€1,361k
Leithdháileadh Breise
€360k
Tacaíocht Tionscadail:
€298k
(m.sh, FGL do Mhúinteoirí, Uasoiliúint Múinteoirí, FCÁT, Oiliúint do Chúntóirí Teanga Iasachta,
Acmhainní, Comhlaigh, Pobail Chleachtais)
Múscailt Feasachta
€475k
(Campaí Samhraidh, Malartuithe Scoileanna, #ThinkLanguages, Taighde,
Rannpháirtíocht Fostóirí, Treoir, feachtais eile)
Bunscoileanna: (Deontais 8Cuir Fáilte Roimh Theangacha9, Uasoiliúint Múinteoirí, Acmhainní)
€1,467k
Costais Oibriúcháin
€526k
(Bainistíocht, Cíos, TF, Oiog, Priontáil, Postas srl.)
Iomlán
146
€5,862k
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -