Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 19
Tar éis ionduchtúcháin, d'óstáil TIBÉ a shraith bhliantúil de sheisiúin tacaíochta MC-CTI i mí Dheireadh
Fómhair 2025. Chuir Comhlaigh TIBÉ na himeachtaí pearsanta seo ar fáil in 19 n-ionad ar fud na tíre thar
thréimhse coicíse. Chláraigh 390 rannpháirtí, an líon is airde go dtí seo. Díríodh sna seisiúin ar chomhoibriú a
fhorbairt idir MCanna agus CTInna, ar phleanáil don bhliain acadúil agus ar smaointe praiticiúla sa seomra
ranga a roinnt.
Aiseolas ó sheisiúin MC-CTI:
"An-spreagúil
"Caint a bhí
chun ár gcuid
"Seisiún an-úsáideach.
smaointe a chur i
Bhí mé an-bhuíoch as
gceann a chéile."
roinnt ama a bheith agam chun
pleanáil a dhéanamh le mo CTI
iontach, tarraingteach
agus faisnéiseach,
"Bhí luas ceart
go raibh míle maith
faoin seisiún agus bhí
agaibh."
agus bualadh le múinteoirí
teanga eile."
sé go hálainn líonrú
a dhéanamh."
Pobail Chleachtais do CTInna
Chríochnaigh TIBÉ 2025 le sraith thiomnaithe de Phobail Chleachtais ar líne do CTInna, a reáchtáladh i mí na
Nollag. Chruthaigh na seisiúin seo spás struchtúrtha le haghaidh chun comhoibriú agus piarfhoghlaim a
dhéanamh, mar aon le cleachtais éifeachtacha sa seomra ranga a roinnt thar réigiúin agus comhthéacsanna
teanga éagsúla.
Tionchar:
•
In 2025, leathnaigh TIBÉ an scéim CTI agus rinne sé í a bheachtú, ag cinntiú go raibh CTInna, MCanna agus
scoileanna ullmhaithe níos fearr chun pleanáil éifeachtach a dhéanamh agus eispéiris foghlama teanga a
fheabhsú.
•
Léiríodh sa rannpháirtíocht ba mhó riamh i seisiúin MC-CTI aitheantas méadaithe ar an luach a chuirtear
ar thacaíochtaí TIBÉ.
•
Feabhsaíodh ullmhacht agus muinín CTInna a bhuí le tacaíochtaí cuimsitheacha a cuireadh ar fáil dóibh
sular thosaigh siad, ag an ionduchtúchán agus tacaíochtaí luath sa bhliain. Chuir siad seo ar fad le
himeascadh níos réidhe sna pobail scoile.
•
Chuir comhpháirtíochtaí níos láidre MC-CTI agus cleachtais teagaisc níos nuálaí le heispéiris níos saibhre
idirchultúrtha agus foghlama teanga do scoláirí.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Pobail Chleachtais MC-CTI nua ar líne a sheoladh i mí Eanáir 2026 chun cur leis an gcomhoibriú agus
idirphlé gairmiúil idir MCanna agus CTInna.
•
Athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar ábhar na seisiún tacaíochta bliantúil MC-CTI atá
sceidealaithe do Dheireadh Fómhair 2026, ag cinntiú go dtagann na seisiúin le tosaíochtaí teagaisc agus
foghlama atá ag teacht chun cinn, le haiseolas rannpháirtithe agus le riachtanais scoileanna atá ag
síorfhorbairt.
•
Leanúint ar aghaidh leis an mbeachtú ar thacaíochtaí teagaisc agus foghlama TIBÉ ar fud na scéime CTI,
ag baint úsáid as léargais ó shuirbhéanna, aiseolas ionduchtúcháin agus seisiúin réigiúnacha chun
acmhainní, ábhair threorach agus tacaíochtaí réamheolais a fheabhsú.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
19