Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 24
Pobail Chleachtais Nuatheangacha Iasachta (NTI)
603 Rannpháirtí Cláraithe
Gníomh: 1.C.5
20 Seisiún
Léargas ginearálta:
Le Pobail Chleachtais (PC) TIBÉ, tugtar le chéile múinteoirí a bhfuil comhspéis acu i dteangacha agus i
dteagasc teangacha chun smaointe a mhalartú, réitigh a fhiosrú agus cleachtas sa seomra ranga a roinnt.
Éascaítear PCanna go réigiúnach agus go téamach, agus reáchtáiltear iad go pearsanta agus ar líne, ag brath
ar riachtanais na rannpháirtithe. Sna na seisiúin seo, cothaítear cultúr comhoibrithe, muinín fhrithpháirteach
agus idirphlé gairmiúil, rud a chuireann ar chumas múinteoirí dúshláin a phlé agus cuir chuige atá idir
chruthaitheach agus phraiticiúil a fhorbairt i leith an teagaisc teangacha.
Príomhaidhmeanna:
•
Pobail bheoga réigiúnacha agus téamacha múinteoirí NTI a thógáil agus a chothú ar fud na hÉireann.
•
Deiseanna a chur ar fáil do mhúinteoirí NTI chun nascadh, comhoibriú agus dea-chleachtas a roinnt atá
oiriúnaithe dá gcuid riachtanas.
Gníomhaíocht:
In 2025, d'éascaigh TIBÉ 20 Pobal Cleachtais, le níos mó ná 600 múinteoir cláraithe do na seisiúin. Áiríodh sna
PCanna meascán de sheisiúin a bhain go sonrach le tionscadail agus seisiúin théamacha, rud a thug deis do
rannpháirtithe dul i ngleic leis na topaicí is ábhartha dá gcuid riachtanas. Bhí ról lárnach ag Comhlaigh TIBÉ in
éascú na seisiún seo, ag baint úsáid as a dtaithí sa seomra ranga chun a chinntiú go raibh an t-ábhar
praiticiúil, ábhartha agus bunaithe ar chleachtas fíorshaoil.
Ábhair a ndearnadh iniúchadh orthu trí PCanna 2025:
24
•
Foireann Uirlisí Oíche Oscailte;
•
Súil Idirchultúrtha ar ár Scoileanna (SIAÁS);
•
#ThinkLanguages;
•
DigiTech agus uirlisí digiteacha;
•
Tacaíocht do Chúntóirí Teanga Iasachta (CTInna);
•
Tacaíocht don Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF);
•
Seisiúin do theangacha ar leith.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -