Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 27
Bealtaine 2025 — Oiliúint & Comhairleoireacht ECML
Rinne TIBÉ comhordú ar chur i bhfeidhm agus ar rannpháirtíocht na hÉireann san imeacht Oiliúna agus
Comhairleoireachta ECML, Plurilingual and Intercultural Education: Teacher and Learner Competences. Thug an
ócáid saineolas idirnáisiúnta go hÉirinn tráth a ndearnadh forbairt shuntasach ar an gcuraclam, go háirithe le
tabhairt isteach teangacha iasachta i gCuraclam athfhorbartha na Bunscoile.
Chuir an oiliúint ar chumas na rannpháirtithe:
•
tuiscint a fhorbairt ar an eolas, na scileanna agus na dearcthaí a theastaíonn le haghaidh foghlaim
bhreisteangach agus idirchultúrtha;
•
iniúchadh a dhéanamh ar na luachanna agus na hinniúlachtaí gairmiúla a theastaíonn chun tacú leis an
obair sin i gcleachtas;
•
scrúdú a dhéanamh ar ábharthacht na n-inniúlachtaí sin i gcomhthéacsanna oideachais éagsúla;
•
triail a bhaint as ábhair agus gníomhaíochtaí teagaisc praiticiúla.
I measc na bpáirtithe leasmhara bhí ionadaithe ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
(CNCM), Oide, Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS), an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus
Gaelscolaíochta (COGG) agus soláthraithe Oiliúna Tosaigh Múinteoirí. Neartaíodh leis an spás gairmiúil
comhroinnte idirphlé agus comhleanúnachas trasghníomhaireachta ar fud an churaclaim, an mheasúnaithe
agus na foghlama gairmiúla.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
27