Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 30
Súil Idirchultúrtha ar ár Scoileanna (SIAÁS)
2 Phobal Cleachtais Ar Líne
Gníomhartha:
1.C.8
1.C.13
62 Múinteoir a Ghlac Páirt
Léargas ginearálta:
Foireann uirlisí féinmheastóireachta is ea Súil Idirchultúrtha ar ár Scoileanna (SIAÁS) a thacaíonn le hiarbhunscoileanna chun éagsúlacht chultúrtha agus teanga a aithint agus freagairt di. Soláthraítear le SIAÁS
creat soiléir chun an ghné idirchultúrtha de shaol na scoile a iniúchadh agus cuirtear cur chuige scoile uile
chun cinn leis maidir le cuimsiú agus feabhsú. Cuimsítear leis an bhfoireann uirlisí suirbhéanna do bhaill de
phobal na scoile, lena n-áirítear an bord bainistíochta, ceannaireacht shinsearach, múinteoirí, baill foirne nach
múinteoirí iad, scoláirí, tuismitheoirí agus caomhnóirí. Cuireadh an fhoireann uirlisí in oiriúint ó thionscadal
an Lárionaid Eorpaigh um Nuatheangacha (ECML), A Roadmap for the Languages of Schooling.
Príomhaidhmeanna:
•
Creat struchtúrtha a chur ar fáil do scoileanna chun a gcleachtais idirchultúrtha a mheas agus a fheabhsú.
•
Fiosracht, oscailteacht agus spéis i dteangacha a chothú ar fud phobal na scoile.
•
A chinntiú go n-aithnítear na teangacha agus ar na cultúir go léir atá i bpobal na scoile agus a chinntiú go
bhfuil meas orthu.
•
Tacú le scoileanna chun foireann uirlisí SIAÁS a chur i bhfeidhm trí phobail chleachtais chun comhoibriú a
chur chun cinn, modheolaíochtaí a fheabhsú agus timpeallachtaí scoile cuimsitheacha a fhorbairt.
Gníomhaíocht:
Bunaíodh meitheal ag deireadh 2024 ina raibh múinteoirí a bhfuil saineolas suntasach acu san oideachas
idirchultúrtha. In 2025, d'fhorbair an mheitheal sraith foirmeacha aistrithe d'fhoghlaimeoirí Béarla mar
Theanga Bhreise (EAL) atá ag aistriú idir iar-bhunscoileanna. Cinntítear leis na foirmeacha seo go leanann
eolas riachtanach teanga, oideachais agus folláine scoláirí nuair a bhogann siad scoileanna, rud a thacaíonn
le comhtháthú níos réidhe agus le pleanáil níos eolaí. Tionóladh dhá phobal cleachtais náisiúnta in 2025, le
níos mó ná 60 múinteoir páirteach iontu. Leis na seisiúin sin, cruthaíodh deiseanna chun dea-chleachtas a
roinnt, dúshláin cur chun feidhme a phlé agus réitigh inoibrithe a aithint. Cuireadh seisiún Oiliúna Tosaigh
Múinteoirí ar fáil do mhúinteoirí réamhsheirbhíse iar-bhunscoile ar chur chuige breisteangach agus
idirchultúrtha—ag baint úsáid as SIAÁS mar shampla praiticiúil lárnach. Leathnaigh sé seo SIAÁS níos faide
ná múinteoirí inseirbhíse, agus leabaíodh ar oideolaíochtaí idirchultúrtha i measc daoine a bheidh ina n-oidí
amach anseo.
Tionchar:
•
Bhí tionchar dearfach ag rannpháirtíocht i bpobail chleachtais SIAÁS ar scoileanna rannpháirteacha trí
chomhoibriú agus idirphlé gairmiúil a neartú.
•
Chabhraigh na pobail le múinteoirí dul i ngleic le dúshláin chomhroinnte, éagsúlacht teanga agus
chultúrtha a chur chun cinn, agus timpeallachtaí foghlama níos cuimsithí a chothú.
•
Leag aiseolas dearfach na rannpháirtithe béim ar luach na foirne uirlisí agus ar luach na struchtúr
comhoibríoch a thacaíonn lena cur chun feidhme.
30
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -