Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 33
Gníomhaíocht
In 2025, d'óstáil TIBÉ agus Oide Teicneolaíocht san Oideachas dhá sheisiún smaointeoireachta náisiúnta IS do
Mhúinteoirí NTI. Ghlac os cionn 150 múinteoir NTI agus príomhpháirtí leasmhar ó gach cearn d'Éirinn páirt.
Leis na Seisiúin Smaointeoireachta, atá ailínithe le Gníomh 1.C.9 den Straitéis Déanann Teangacha Nasc,
cruthaíodh spás le haghaidh rannpháirtíocht chriticiúil, comhoibriú, agus iniúchadh praiticiúil ar IS san
oideachas teanga.
Tugadh le chéile sa chlár cuir i láthair threoraithe, seisiúin faoi stiúir piaraí agus plé grúpa struchtúrtha. Rinne
múinteoirí iniúchadh ar chur i bhfeidhm praiticiúil IS sa seomra ranga, breithnithe eiticiúla agus straitéisí chun
IS a chomhtháthú ar bhealach fóinteach sa teagasc agus san fhoghlaim.
Buaicphointe tábhachtach ab ea seisiún ar innealtóireacht treoracha ag baint úsáid as creat RASE (Ról,
Fiafraigh, Sonrach, Turgnamh), a d'aithin múinteoirí mar ábhar an-ábhartha d'úsáid i rang fíorshaoil. Léirigh
seisiún TeachMeet dúshláin, nuálaíochtaí agus cleachtas machnamhach faoi stiúir múinteoirí, agus luadh go
minic é mar cheann de na gnéithe is luachmhaire mar gheall ar a infheidhmeacht dhíreach sa seomra ranga.
Léiríodh rannpháirtíocht thar a bheith láidir sna sonraí meastóireachta:
•
Thuairiscigh 92% de na rannpháirtithe go raibh siad "an-sásta" leis an ócáid ar an iomlán.
•
Thug 79% le oos go raibh "gach seans" go ndéanfaidh siad an méid a d'fhoghlaim siad a chur i bhfeidhm
ina seomraí ranga.
•
Chuir go leor síos ar na seisiúin mar "an FGL is fearr ar ar fhreastail siad riamh."
Thug na seisiúin smaointeoireachta léargas saibhir arna spreagadh ag múinteoirí ar réadúlachtaí chomhtháthú
IS i scoileanna. Leag múinteoirí béim ar shaincheisteanna amhail neamhchinnteacht bheartais, ualach oibre,
srianta ama, ullmhacht dhigiteach, agus imní faoi chosaint sonraí agus claontacht algartamach. Tá forbairt FGL,
acmhainní agus tacaíochtaí scoilbhunaithe sa todhchaí á múnlú ag na peirspictíochtaí sin anois.
PRÓIFÍL TEANGA
Teangacha a ndéantar ionadaíocht orthu
ge
eil
Ga
1
Liotuáinis
2
Iodáilis
1
Portaingéilis
7
Gaeilge
1
Seapáinis
8
EAL
1
Polainnis
25 Gearmáinis
1
Cóiréis
29 Spáinnis
46
Fraincis
Fraincis
Gearmáinis
EAL
Spáinnis
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
33