Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 35
Aiseolas na Rannpháirtithe
"Ba é seo an t-imeacht
FGL is fearr ar nreastail mé
air. D’noghlaim mé an
t-uafás uaidh agus bhí
comhráite an-spreagúil
agam."
"Bhí sé seo ar
cheann de na himeachtaí ab
nearr ar nreastail mé orthu
le fada an lá. Gabhaim
buíochas le gach duine a
bhí páirteach."
"An-niúntach. Tá
súil agam níos mó
imeachtaí mar seo
a neiceáil ar IS i
scoileanna."
"Fíormhaith – an
t-imeacht FGL is fearr ar
nreastail mé air. Go raibh
maith agaibh go léir as
é a eagrú!"
Tionchar:
Ceann de na torthaí ba luachmhaire a bhaineann leis na seisiúin smaointeoireachta ná plé díreach le
múinteoirí NTI. Trí phlé, tascanna grúpa agus malartuithe neamhfhoirmiúla, roinn múinteoirí léargais
bunaithe ar na nithe seo a leanas:
•
a leibhéil éagsúla ullmhachta digití agus rochtain ar uirlisí IS;
•
dúshláin a bhaineann go sonrach le comhthéacs amhail éiginnteacht bheartais, ualach oibre agus srianta
ama;
•
an-spéis i bhfeidhmchláir IS atá praiticiúil agus a spárálann am chun tacú leis an gcleachtas sa seomra
ranga.
Chomh maith leis sin, neartaigh na himeachtaí an comhoibriú idir TIBÉ agus Oide Teicneolaíocht san
Oideachas, agus dhoimhnigh siad an rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara lena n-áirítear an Chigireacht,
CNCM, Scoilnet, COGG agus Institiúidí Ardoideachais.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Seisiún Smaointeoireachta IS do Mhúinteoirí NTI a dhéanamh arís in 2026 chun rannpháirtíocht náisiúnta
a leathnú.
•
Imeacht tiomnaithe leantach IS a fhorbairt agus a sheachadadh do mhúinteoirí NTI bunaithe ar
riachtanais aitheanta.
•
Tacaíochtaí agus acmhainní a fhorbairt agus a scaipeadh chun cabhrú le múinteoirí teanga IS a
chomhtháthú i gcleachtas an tseomra ranga
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
35