Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 36
Comhlaigh TIBÉ
Gníomh: 1.C.11
20 Comhlach TIBÉ
Léargas ginearálta:
Is múinteoirí teanga iar-bhunscoile iad Comhlaigh TIBÉ a bhfuil ról ríthábhachtach acu i gcur i bhfeidhm agus i
gcur chun cinn na bpríomhghníomhartha sa Straitéis Déanann Teangacha Nasc. Lonnaithe ar fud na tíre, tógann
siad ar an acmhainn réigiúnach, neartaíonn siad naisc le scoileanna agus cuireann siad tacaíocht dhíreach,
phraiticiúil ar fáil do mhúinteoirí, do Chúntóirí Teangacha Iasachta (CTInna) agus do phobail scoile. Cinntítear
lena gcuid oibre go bhfuil gníomhartha náisiúnta TIBÉ bunaithe ar réadúlachtaí laethúla sa seomra ranga.
Príomhaidhmeanna:
•
Feidhmíonn comhlaigh TIBÉ mar cheannairí maidir le dea-chleachtas a chur chun cinn san oideachas teanga
trí shaineolas a roinnt ag Pobail Chleachtais (PCanna), Comhdhálacha Líonra Gairmiúil Múinteoirí (TPN) agus
imeachtaí eile um oideachas teanga;
•
Tacaíonn siad le CTInna le ceisteanna teagaisc agus foghlama i rith na bliana;
•
Feidhmíonn siad mar a bheadh droichead idir cleachtas seomra ranga agus foireann TIBÉ, ag soláthar
aiseolais agus léargais chomhthéacsúla a dhéanann eolas do phleanáil straitéiseach agus forbairt acmhainní.
Gníomhaíocht:
In 2025, leathnaigh foireann na gComhlach go 20 ball. Bhí a
bpríomhfhócas dírithe ar thacaíocht a neartú don líon
Dún na nGall
méadaitheach CTInna atá rannpháirteach sa scéim náisiúnta
CTInna. D'fheidhmigh gach Comhlach mar
phríomhtheagmhálaí do chohórt ainmnithe de CTInna, ag
tacú leo le ceisteanna teagaisc agus foghlama i rith na bliana.
Chuidigh siad freisin le gníomhaíochtaí náisiúnta tríd an
Muineachán
Sligeach
Ros Comáin
méid a leanas:
•
•
Pobail Chleachtais NTI a éascú;
Gaillimh
Baile Átha Cliath
Cill Dara
tacú le CTInna ar leibhéal grúpa agus ar leibhéal aonair
Cill Mhantáin
araon;
•
meantóireacht a dhéanamh ar mhúinteoirí teangacha nua
Loch Garman
agus teangacha nach múintear chomh coitianta, lena náirítear an tSínis, an Pholainnis agus an tSeapáinis;
•
páirt a ghlacadh san ionduchtú náisiúnta CTInna;
•
seisiúin tacaíochta CTI a éascú agus seiceálacha
tréimhsiúla a reáchtáil;
•
Port Láirge
Corcaigh
Dáileadh geografach na
gcomhlach TIBÉ ar fud na
hÉireann.
PCanna tiomnaithe a óstáil do CTInna agus dá Múinteoirí Comhoibrithe.
Chomh maith leis sin, ghlac Comhlaigh páirt in uasoiliúint agus i bhfoghlaim ghairmiúil chun cur lena gcumas
tacú le scoileanna tuilleadh agus cur le forbairtí straitéiseacha.
36
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -