Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 4
Brollach
Tá áthas orm an Tuarascáil Bhliantúil seo de chuid Theangacha Iar-bhunscoile Éireann (TIBÉ) a chur i láthair, a
leagann béim ar an méid leanúnach a dhéanann an eagraíocht chun foghlaim teangacha agus ilteangachas a
neartú ar fud chóras oideachais na hÉireann. Léirítear leis an obair atá leagtha amach sa tuarascáil seo tiomantas
soiléir don ionchuimsiú, don cháilíocht, don nuálaíocht agus don chomhoibriú—prionsabail atá lárnach i mo
chuid thosaíochtaí mar Aire Oideachais agus Óige.
Tá ról ríthábhachtach ag teangacha chun daoine óga a ullmhú leis na scileanna a theastaíonn chun go mbeidh
rath orthu i ndomhan atá ag athrú go tapa. Tacaíonn siad le cumarsáid, le tuiscint chultúrtha, le forbairt
chognaíoch agus le folláine, agus osclaíonn siad conairí I dtaobh níos mó staidéir, soghluaisteachta agus
fostaíochta sa bhaile agus thar lear. Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach foghlaimeoir ar
dheiseanna éagsúla foghlama teangacha chun córas oideachais cuimsitheach den chéad scoth a chur ar fáil.
Léirítear sa tuarascáil seo fairsinge agus tionchar obair TIBÉ chun tacú le samhlacha éagsúlaithe de sholáthar
teanga agus tacaíocht ghairmiúil ardchaighdeáin do mhúinteoirí agus d'fhoghlaimeoirí. Trí shamhlacha soláthair
ar scoil, comhroinnte, ar líne, chomh maith le samhlacha cumaisc agus malartacha, leanann TIBÉ de bheith ag
freagairt do riachtanais scoileanna agus foghlaimeoirí, go háirithe i gcásanna ina mbeadh rochtain ar
theangacha teoranta murach TIBÉ. Leis an mbéim ar chothromas rochtana, ar theangacha oidhreachta agus ar
sholáthar curaclaim atá ag teacht chun cinn, léirítear ailíniú láidir le tosaíochtaí beartais náisiúnta agus le
réadúlachtaí déimeagrafacha.
Is mór agam an obair leanúnach chun tacú le scoileanna agus le múinteoirí nuatheangacha iasachta a thabhairt
isteach i gcuraclam na bunscoile. Cabhraíonn cláir amhail Cuir Fáilte Roimh Theangacha agus Seachtain
#ThinkLanguages, imeachtaí do scoláirí, comhoibrithe cultúrtha agus acmhainní treorach, cabhraíonn siad le
daoine óga, tuismitheoirí agus scoileanna chun tuiscint níos fearr a fháil ar an luach agus ar an ábharthacht a
bhaineann le foghlaim teangacha. Is mór an spreagadh iad guth láidir an scoláire, rannpháirtíocht
chruthaitheach agus cuir chuige phobalbhunaithe atá le feiceáil le linn na hoibre seo, agus tacaíonn siad le
rogha ábhair fheasach ag príomhphointí aistrithe.
4
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -