Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 40
"Bhraith mé nach mbeadh a leithéid de
dheis agam riamh arís, deis a thacódh le mo neamhspleáchas
agus le mo chuid Fraincise."
Sleachta ó Scoláirí
Rannpháirteacha
"Bhí an tréimhse a chaith mé leis an teaghlach malartaithe mar a bheadh
brionglóid ann. Bhí a dtithe go hálainn, agus bhí siad thar a bheith fáilteach."
"Tá cúrsaí scoile sa Ghearmáin níos eagraithe agus dírithe ar fholláine
na scoláirí. Is cosúil go bhfuil scoláirí níos spreagtha."
"Chomh maith le feabhas a chur ar mo scileanna teanga, rinne mé cairdeas le daoine nua, go
háirithe mo pháirtí malartaithe. Táimid fós i dteagmháil gach lá agus tá sé i gceist againn
bualadh le chéile arís tar éis ár gcuid scrúduithe. D’éirigh mé níos muiníní freisin nuair
a thriail mé rudaí nua. "
"Ba é an chuid is fearr liom den mhalartú ná dinnéar agus cluichí boird
le mo theaghlach óstach gach tráthnóna."
"An t-eispéireas ab fhearr i mo shaol."
"Tóg an deis, buail le daoine nua, bain triail as rudaí nua,
faigh blaiseadh den domhan agus den saol mór."
Sleachta ó
Thuismitheoirí
agus Caomhnóirí
Rannpháirteacha
"B’eispéireas uathúil é maireachtáil le
teaghlach eile thar lear. Fuair mo mhac blaiseadh
de shaol scoile a bhí éagsúil agus fuair sé peirspictíocht nua.
Rachaidh sé seo chun tairbhe dó nuair a fhágfaidh sé
an baile amach anseo."
Sleachta ó
Mhúinteoirí
Rannpháirteacha
"Bhain sé an oiread sin taitnimh as go bhfuil sé ag dul arís i mbliana."
"Bíonn siúlach scéalach! Eispéireas iontach chun feabhas
a chur ar scileanna teanga do pháiste, bualadh le daoine nua
agus taithí a fháil ar chultúr nua."
"Mar mhúinteoir neamhtheanga le deich
"Bhí níos mó i gceist leis an malartú Gearmáinise seachas
mbliana de thaithí, is é an malartú seo an rud is fearr
feabhas a chur scileanna Gearmáinise amháin.
atá déanta agam i mo ghairm mhúinteoireachta. Tá an
Fuair mo mhac grá don chultúr, cara saoil agus
nasc le scoil eile i ndiaidh a bheith sárluachmhar."
an oiread sin neamhspleáchais."
"Dúirt cúigear múinteoirí a raibh baint acu leis an malartú go raibh sé
mar bhuaicphointe a ngairme. Tá liosta fada feithimh anois do mhúinteoirí
sa Ghearmáin le páirt a ghlacadh, mar bhain siad an-taitneamh as an
malartú le dhá bhliain anuas. Dúirt scoláirí gurbh í an tseachtain sa
Ghearmáin an tseachtain ab fhearr dá saol, agus rinne go leor acu
cairdeas a mhairodh ar feadh an tsaoil."
"Creidim go n-athraíonn malartuithe
saol duine."
40
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -