Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 44
Chruthaigh FCÁT Domhanda 2025 spás gairmiúil bríomhar don idirphlé, comhoibriú agus malartú eolais.
Neartaigh an ócáid ceannaireacht na hÉireann i FCÁT go hidirnáisiúnta agus atreisíodh an tábhacht a
bhaineann le cleachtas atá bunaithe ar thaighde mar bhunús d'fhorbairt inbhuanaithe oideachais teanga.
Léiríodh leis an gclár tírdhreach athraitheach an taighde agus an chleachtais FCÁT, le béim ar na nithe seo a
leanas:
• Il-litearthachtaí
• Il-litearthachtaí ábhair
• Cothromas agus cuimsiú
• Foghlaim ghairmiúil múinteoirí
• Nuálaíocht dhigiteach
• Idirphlé taighde-chleachtais
Leag na seisiúin béim ar chomhtháthú teanga agus ábhar ar fud na leibhéal oideachais, ó na luathbhlianta go
dtí an t-ardoideachas.
216
Páirtithe Leasmhara agus Rannpháirtithe
Áiríodh le FCÁT Domhanda 2025 ionadaíocht ó:
• An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim
agus Measúnachta (CNCM)
• Oide
• An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta
agus Gaelscolaíochta (COGG)
• An Roinn Oideachais agus Óige
• An Chigireacht
i láthair ó na tíortha thíos:
An Astráil, an Ostair, an tSile, an tSín, an
Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ghréig, an
Íoslainn, an India, Éire, an Iodáil, an tSeapáin,
an Chosaiv, an Ísiltír, an Iorua, an Phortaingéil,
an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis, anTéaváin,
Oileán na Tríonóide agus Tobága, an Tuirc,
an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe
Mheiriceá, Vítneam
• Ambasáidí agus institiúidí cultúrtha
I measc na dtoscairí bhí múinteoirí bunscoile, iar-bhunscoile agus ardoideachais;
oideachasóirí múinteoirí; taighdeoirí; agus mic léinn dhochtúireachta, le freastal
idirnáisiúnta ó 26 tír. Chothaigh an chomhdháil rannpháirtíocht chomhghleacúil,
3
Eochairchainteoir
19
bPóstaer
58
Seisiún
chomhoibríoch agus deiseanna líonraithe fóinteacha.
Cainteoirí agus Clár
Thug triúr scoláirí aitheanta go hidirnáisiúnta eochairaithisc:
Christiane Dalton-Pufer, Ollscoil Vín
30 Years of CLIL Research — Looking Back and Looking Ahead
Francisco Lorenzo, Ollscoil Pablo de Olavide
Adapting the CEFR for Bilingual Teaching of History and Science
T.J. Ó Ceallaigh,Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Beyond Words: Building Teacher Knowledge for Equitable Content and Language Integration
Rinne plé painéil deiridh, faoi chathaoirleacht Russell Cross, iniúchadh ar “Reconceptualising professional
learning across curricula boundaries.” [Athchoincheapú a dhéanamh ar fhoghlaim ghairmiúil thar
theorainneacha curaclam].
Bhí páipéir taighde chomhthreomhara agus ceardlanna faoi stiúir cleachtóirí le feiceáil ag an gcomhdháil, ag
tabhairt aghaidh ar na nithe seo a leanas:
• forbairt múinteoirí agus ceannaireacht in FCÁT;
• litearthacht disciplín san eolaíocht, sa stair agus sa mhatamaitic;
• teicneolaíochtaí digiteacha agus IS in FCÁT;
• cothromas, cuimsiú agus rochtain shocheacnamaíoch;
• FCÁT i gcomhthéacsanna ardoideachais agus oiliúna múinteoirí;
• samhlacha luathbhlianta agus bunscoile FCÁT.
44
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
Chuir na
rannpháirtithe síos ar na
ceardlanna mar cheardlanna
tarraingteacha, bunaithe ar
thaighde agus praiticiúil, a chuir
straitéisí ar fáil atá réidh
le húsáid sa seomra
ranga.