Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 46
Tionchar:
•
Tharraing FCÁT Domhanda 2025 aird idirnáisiúnta agus leathnaigh sé líonraí gairmiúla, rud a d’fhág TIBÉ
mar cheannaire i nuálaíocht FCÁT.
•
Thacaigh comhoibriú neartaithe idir TIBÉ, Oide, COGG agus an CNCM le fís náisiúnta aontaithe do FCÁT ar
fud na n-ábhar.
•
Chinntigh rannpháirtíocht le mic léinn OTM go bhfuil ábhair oidí eolach ar mhodheolaíochtaí FCÁT, rud a
chuireann le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach.
Aiseolas na Rannpháirtithe
"Go raibh míle maith agat as
comhdháil den scoth. Is féidir liom a rá
gan bhréag nach cuimhin liom aon ócáid den
chineál céanna le tamall anuas lenar bhain
atmaisféar chomh comhbhách, measúil agus
lúcháireach le haschuir ardchaighdeáin den sórt
sin. Tháinig mé amach le hinspioráid agus thar
aon rud eile bhí dóchas athnuaite agam do
thodhchaí an oideachais teanga le creideamh
i gcomhghleacaithe agus grúpaí
nasctha atá le teacht."
An tOllamh Do Coyle
"Go raibh míle
maith agaibh go léir as
comhdháil an-eagraithe. Míle
buíochas libh."
Feargal O’Laighin
Institiúid Oideachais
Marino
"Comhghairdeas libh as
ról TIBÉ i gcomhdháil den scoth
a eagrú. Bhain mé an-taitneamh
as na ceardlanna agus as bheith
ag foghlaim ó shaineolaithe
idirnáisiúnta."
Blathnaid Breslin
COGG
46
“Go raibh MÍLE maith agaibh
as ócáid iontach dhá lá in Ollscoil
Mhá Nuad. A leithéid de sceideal imeachtaí…
ní raibh aon easpa roghanna ann dóibh siúd a
bhí i láthair. Bíodh a nios agat gur éirigh go
hiontach leis an gcomhdháil agus gur phléisiúr
dom freastal air. Comhghairdeas libh
as jab iontach!"
Ursula Ní Dhufaigh,
Oifigeach Oideachais,
CNCM
"Comhdháil iontach
an-eagraithe a bhí ann. Chuir sibh
cuma dhearfach ar Éirinn… bhí
deiseanna iontacha ann chun líonrú a
dhéanamh lenár gcomhghleacaithe
idirnáisiúnta FCÁT."
Jacqui de Paor,
An Roinn Leanaí, Míchumais
agus Comhionannais
"Go raibh maith agat as
comhdháil den scoth. B’eisceachtúil
raon agus cáilíocht na gcur i láthair…
deis annamh chun taithí a náil ar an
doimhneacht agus ar an éagsúlacht sin
in aon suíomh amháin. Bhraith mé cosúil
le leanbh i siopa milseán!"
Marcus Ó Floinn,
Ceannaire Sinsearach,
Oide Gael Aonad
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -