Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 5
Ábhar misnigh eile is ea an comhoibriú láidir agus na comhpháirtíochtaí atá le feiceáil ar fud obair TIBÉ—le
scoileanna, institiúidí ardoideachais, treoirchomhairleoirí, ambasáidí, institiúidí cultúrtha, gníomhaireachtaí
náisiúnta agus comhpháirtithe idirnáisiúnta. Neartaíonn an cur chuige comhleanúnach seo comhleanúnachas
ar fud an chórais agus cinntítear leis go bhfuil an t-oideachas teanga leabaithe laistigh de thosaíochtaí níos
leithne oideachais, cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíocha.
Mar Aire, tugaim gealltanas chun tacú le córas oideachais atá ionchuimsitheach, réamhbhreathnaitheach agus
a fhreagraíonn do riachtanais páistí agus daoine óga. Cuireann obair TIBÉ, mar a leagtar amach sa tuarascáil
seo, go mór leis an uaillmhian sin. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thiomantas fhoireann TIBÉ, a
comhpháirtithe, agus an iliomad múinteoirí, scoláirí agus pobal a ghlacann páirt dhearfach i gcláir TIBÉ.
Táim ag tnúth le comhoibriú leanúnach le TIBÉ agus muid ag iarraidh deiseanna foghlama teanga dár
bhfoghlaimeoirí go léir a fheabhsú tuilleadh le straitéis leantach do theangacha iasachta san oideachas. Beidh
comhairliúchán poiblí ann go luath i dtaca leis an straitéis sin.
Hildegarde Naughton
An tAire Oideachais agus Óige
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
5