Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 50
Tá sé mar aidhm ag Sprioc 2 rogha na dteangacha
a fhoghlaimítear a éagsúlú agus a mhéadú agus
teangacha na Nua-Éireannach a chothú. Tá sé seo á chur i
bhfeidhm ag TIBÉ trí úsáid a bhaint as múinteoirí cuartaíochta;
soláthar agus tacaíocht do na teangacha a tugadh isteach le
déanaí agus do theangacha tearctheagasctha; píolótú ar
shamhlacha éagsúla solúbtha soláthair, mar shampla ranganna
comhroinnte ar fud scoileanna, foghlaim chumaisc, ranganna
Idirbhliana agus Ardteistiméireachta; agus dreasacht a thabhairt
do scoileanna trí scéim leithdháilte bhreise chun na teangacha a
chuireann siad ar fáil a éagsúlú. Cuirtear creat cuimsitheach FGL
agus tacaíochta ar fáil do mhúinteoirí freisin chun cabhrú leis
an méid seo.
Tá Sprioc 2 á cur i bhfeidhm ag an mbunleibhéal freisin trí thrí
shnáithe oibre: (i) clár uasoiliúna teanga do mhúinteoirí
bunscoile i réimse teangacha lena n-áirítear cúrsaí uasoiliúna
teanga ar líne, ranganna cumaisc ranganna ar an láthair a
chuirtear ar fáil in Éirinn agus thar lear. Cuirtear na cúrsaí
ar fáil i rith na bliana i gcomhar le comhpháirtithe agus
soláthraithe éagsúla (ii) éascú an chláir teanga
bunscoile 'Cuir Fáilte Roimh Theangacha' a
réitíonn an bealach do Churaclam Teanga na
Bunscoile agus (iii) forbairt acmhainní chun
tacú le cur i ngníomh an churaclaim.
50