Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 55
Soláthar Teangacha
An tSraith Shóisearach
Sa bhliain acadúil 2025–2026, d'fhan soláthar teanga na Sraithe Sóisearaí le tacaíocht ó TIBÉ seasmhach, ag
leanúint ar aghaidh ag soláthar rochtain luath ar raon teangacha a tugadh isteach le déanaí agus ar
theangacha tearctheagasctha. Coinníodh soláthar ar fud naoi n-iar-bhunscoil, le 457 scoláire ag déanamh
staidéir ar an tSeapáinis, ar an Mandairínis agus ar an bPolainnis ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí. Áirítear leis
sin méadú 58 scoláire sa Pholainnis i gcomparáid leis an mbliain acadúil roimhe sin. Léiríonn soláthar
leanúnach na Sraithe Sóisearaí daingniú laistigh de scoileanna rannpháirteacha agus éileamh leanúnach ar
fhoghlaim teangacha ag an gcéim seo.
Idirbhliain
Sa bhliain acadúil 2025–2026, d'éascaigh TIBÉ ranganna teanga Idirbhliana in 107 scoil, lenar tugadh deis do
5,794 scoláire Idirbhliana plé le teanga nua. Tá an Idirbhliain fós ina príomhphointe rochtana do theangacha a
tugadh isteach le déanaí agus do theangacha tearctheagasctha, agus tá níos mó ná teanga amháin á
tairiscint ag roinnt scoileanna ag an gcéim seo.
Teanga
Scoláirí Idirbhliana (baineann)
Scoláirí Idirbhliana (fireann)
Scoileanna
Seapáinis
1,141
670
27
Cóiréis
251
245
9
Liotuáinis
62
82
1
Mandairínis
1,250
1,134
43
Polainnis
278
263
19
Portaingéilis
66
183
5
Rúisis
87
82
3
Iomlán (5,794 scoláire)
3,135
2,659
107
Leagtar amach sa tábla thíos na teangacha a chuirtear ar fáil trí sholáthar Idirbhliana a fhaigheann tacaíocht ó TIBÉ.
Ardteistiméireacht (Soláthar Ionscoile)
Éascaíonn TIBÉ éagsúlú an tsoláthair teangacha i scoileanna ach an deis a thabhairt teangacha breise a chur
lena gcuraclam gan úsáid a bhaint as leithdháileadh rialta scoile. Dá bhrí sin, cuirtear ar chumas scoileanna
teanga nua a thriail sula dtugann siad gealltanas í a sholáthar go fadtéarmach. Cuirtear níos mó rogha
teangacha ar fáil do scoláirí, rud a fhreastalaíonn ar spéiseanna agus inniúlachtaí éagsúla agus tugtar aghaidh
ar éagothroime i soláthar teangacha.
Is beag múinteoir atá ar fhoirne na scoileanna a bhfuil an cumas acu na teangacha curaclaim a tugadh isteach
le déanaí a mhúineadh agus dá bhrí sin tá soláthar i scoileanna ag brath ar an soláthar seachtrach seo, ar a
laghad sna luathbhlianta fad is atá an teanga á leabú agus á bunú.
Tacaíonn TIBÉ freisin le soláthar na Rómáinise mar theanga neamhchuraclaim Ardteistiméireachta chun
scoláirí a spreagadh chun litearthacht ina dteanga oidhreachta a choinneáil agus a fhorbairt. Sa bhliain
acadúil 2025–2026, cuireadh maoiniú ar fáil do dhá iar-bhunscoil, rud a chuir ar a gcumas ranganna a chur ar
fáil do 64 scoláire agus na hábhair ábhartha a fháil.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
55