Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 6
Réamhrá do TIBÉ
Is aonad é Teangacha Iar-Bhunscoile Éireann (TIBÉ) atá tiomnaithe do chur chun cinn saineolais agus tacaíocht
d’oideachas teangacha iasachta in Éirinn. Faigheann TIBÉ maoiniú iomlán ón Roinn Oideachais agus Óige agus
bunaíodh é ar dtús i Meán Fómhair 2000 le cúram múineadh teangacha i scoileanna dara leibhéal ar fud na
hÉireann a éagsúlú, a fheabhsú agus a leathnú. Tá sé seo fós lárnach dá chúram agus dírítear ar fheabhsú agus
leathnú a dhéanamh ar dheiseanna atá ar fáil chun teangacha iasachta a fhoghlaim a bhaineann le riachtanais
chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíocha na hÉireann amach anseo.
Is ann do TIBÉ chun tacú le cur i bhfeidhm príomhghníomhaíochtaí faoi ‘Déanann Teangacha Nasc – Straitéis
do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn 2017-2026’. Mar aon le gnéithe tábhachtacha an chuir i
bhfeidhm a bhaineann le teangacha san oideachas, tá ról ag TIBÉ i ndaoine a chur ar an eolas, rannpháirtíocht
fostóirí agus teangacha sa tsochaí. Is cuid bhreise dá ról é taighde feidhmeach a dhéanamh a chuireann eolas
ar fáil le haghaidh polasaithe, agus a thacaíonn leo.
Is cúram níos leithne anois é tacaíocht teangacha iasachta san earnáil bhunscolaíochta. Áirítear leis sin an modúl
‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ i scoileanna, arb é is príomhaidhm dó ná an bealach a réiteach do chur I bhfeidhm
Churaclam Teanga athfhorbartha na Bunscoile. Áirítear sa tacaíocht do theangacha iasachta ag an mbunleibhéal,
tá uasoiliúint ar mhúinteoirí bunscoile i dteangacha iasachta, agus soláthar sraith áiseanna a thacóidh le
múinteoirí le cur i bhfeidhm an churaclaim nua i gcomhthéacs na Nuatheangacha Iasachta.
6
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -