Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 61
Soláthar Teangacha
Gníomhaíocht:
I mí na Bealtaine 2025, ghlac scoláirí ó ranganna ar an láthair i gColáiste Pobail Lorcáin páirt i Lá Ilchultúrtha
inar ndearnadh ceiliúradh ar éagsúlacht agus ar shaibhreas cultúrtha phobal na ranganna teanga
Ardteistiméireachta. Thaispeáin na scoláirí a gcuid buanna trí léirithe amhránaíochta agus damhsa agus ghlac
siad páirt i ngníomhaíochtaí idirghníomhacha, lenar áiríodh tráth na gceist a chuir fuinneamh agus
taitneamh leis an lá. Tugadh deis leis an ócáid do scoláirí gnéithe dá gcúlraí cultúrtha a roinnt i dtimpeallacht
thacúil chuimsitheach.
Ar an 25 Deireadh Fómhair, ghlac scoláirí ón rang Polainnise i mBaile Átha Cliath páirt i gceardlann chultúrtha
i Leabharlann na Polainne i mBaile Átha Cliath, Biblary. Bhí an cheardlann faoi stiúir ealaíontóirí ó
Fhondúireacht Ealaíne Avang na Polainne. Bhí deis ag na scoláirí rosół traidisiúnta a ullmhú, an damhsa
polonez a fhoghlaim agus plé le teicnící gutha le hamhránaithe ceoldrámaíochta gairmiúla. Tugadh leis an
ócáid deis luachmhar do scoláirí blaiseadh a fháil ar chultúr na Polainne ar bhealach praiticiúil tarraingteach
Tionchar:
•
I mí Mheán Fómhair, tháinig méadú ar líon na scoláirí a bhí cláraithe i gclár ranganna teanga
Ardteistiméireachta a chuir TIBÉ ar fáil don scoilbhliain 2025-2026 go dtí 758 scoláire. Cuimsíonn leis an
bhogiúr sin clárúcháin nua don chúigiú bliain agus scoláirí ag olleadh don séú bliain.
•
Tugtar deis do scoláirí rochtain a fháil ar ábhar Ardteistiméireachta nach bhfuil ar fáil ina gcuid scoileanna.
•
Tugtar rochtain do scoláirí a bhfuil cónaí orthu i gceantair bheaga ar chothromas soláthair, rud a
chuireann ar a gcumas ullmhú do theanga churaclaim nó neamhchuraclaim nuair nach bhfuil tairseach
chriticiúil scoláirí ná múinteoir ar fáil.
•
Bíonn deis ag scoláirí teanga iasachta bhreise a dhéanamh don Ardteistiméireacht, rud is féidir a bheith
deacair teacht air laistigh de chlár ama scoile.
•
Bíonn deis ag scoláirí a bhfuil teangacha oidhreachta acu an teanga sin a dhéanamh ag leibhéal
Ardteistiméireachta. Tugann sé seo deis dóibh aitheantas a thabhairt dá n-inniúlacht i dteanga, rud a
fhágann go bhfuil rochtain níos leithne acu ar chonairí oideachais.
•
Tacaítear le scoláirí le cothabháil na teanga baile, rud a thacaíonn lena bhfolláine agus a chuireann le
gnóthachtáil acadúil.
•
Gné thábhachtach de ranganna teanga Ardteistiméireachta is ea forbairt ar inniúlacht bhreisteangach
agus bhreischultúrtha. Spreagann sé seo comhtháthú sóisialta agus cuimsiú foghlaimeoirí oidhreachta
agus foghlaimeoirí neamhoidhreachta araon.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Leanúint ar aghaidh ag tairiscint ranganna teanga Ardteistiméireachta i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh
agus i nGaillimh
•
Leanúint ar aghaidh ag leathnú ranganna ar líne chun freastal ar scoláirí nach féidir freastal ar ranganna ar
an láthair de bharr cúrsaí tíreolaíochta
•
Leanúint ar aghaidh ag iniúchadh samhlacha nuálacha soláthair chun tacú le cothabháil na teanga baile
agus éagsúlú na hacmhainne teangacha iasachta
•
Araibis a thabhairt isteach ar líne mar theanga atá ar fáil i gClár na Ranganna Teanga Ardteistiméireachta
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
61