Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 63
Soláthar Teangacha
Tionchar:
• Fuair 57 scoláire léinn rochtain ar chúrsa foghlama cumaisc Pholainnis na hArdteistiméireachta sa bhliain
acadúil seo caite.
• Fuair TIBÉ saineolas agus taithí maidir le modheolaíochtaí foghlama cumaisc, a dhéanfaidh eolas d9fhorbairt
cúrsaí foghlama cumaisc do theangacha eile.
• Tá ardleibhéil rannpháirtíochta agus díograis léirithe ag scoláirí. Bhain siad taitneamh as an eispéireas
foghlama, agus léirigh siad tiomantas dá gcuid staidéar ar a dteanga bhaile.
• A bhuí leis an tionscadal, mothaíonn scoláirí go gcuimsítear a gcultúr agus go dtugtar dearbhú dó laistigh
de phobal na scoile. Aithnítear an luach atá ar a dteanga agus ar a gcultúr.
Na Chéad Chéimeanna Eile:
• Soláthar agus rolladh amach na samhla foghlama chumaisc a spreagadh i níos mó scoileanna amach anseo,
rud a chuirodh ar chumas líon suntasach cainteoirí imirceacha litearthacht ina dteanga oidhreachta a
choinneáil agus a fhorbairt
• Leanúint ar aghaidh ag feabhsú an tionscadail bunaithe ar aiseolas ó na scoláirí, na ríomh-mhúinteoirí, na
ríomh-mheantóirí agus na scoileanna
• Rath an tionscadail a scaipeadh agus na rannpháirtithe a mhealladh chun an tionscadal seo a chur chun
cinn i measc páirtithe leasmhara ábhartha eile
Clár Foghlama Cumaisc Pholainnis na hArdteistiméireachta
60
57
55
50
46
45
42
40
35
35
30
25
20
17
15
10
0
2021/22
2022/23
2023/24
2024/25
2025/26
SCOLÁIRÍ
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
63