Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 64
Soláthar Teangacha
Leithdháileadh Breise do Scoileanna chun Tacú le hÉagsúlú an tSoláthair
Teangacha Iasachta
Spreagann Leithdháileadh Breise do scoileanna iar-bhunscoileanna chun teangacha tearctheagasctha agus
teangacha a cuireadh le curaclam na hArdteistiméireachta le déanaí a chur ar fáil, ar mhaithe le héagsúlú a
dhéanamh ar sholáthar teangacha iasachta. Chun go mbeidh scoileanna páirteach ann, ní mór múinteoirí iarbhunscoile atá cláraithe go hiomlán a bheith ar fáil dóibh chun na teangacha a mhúineadh. Tacaítear le
scoileanna maidir le forbairt ábhair nua trí chuairteanna ó bhaill d'fhoireann Teagaisc agus Foghlama TIBÉ.
Athbhreithniú ar an Scéim Leithdháilte Bhreise:
Rinneadh athbhreithniú ar an scéim in 2025 chun éifeachtacht na scéime a mheas agus chun moltaí a
dhéanamh maidir le feabhsúcháin. Tarraingítear san athbhreithniú ar chuairteanna scoile, ceistneoirí, agus
sonraí TIBÉ chun torthaí agus inbhuanaitheacht a mheas.
Léiríonn na torthaí go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le soláthar teanga a éagsúlú agus
rannpháirtíocht na scoláirí a mhéadú. Tá formhór na scoileanna ag leathnú na mbliainghrúpaí agus tá
ranganna Ardteistiméireachta á dtairiscint i ngach scoil cé is moite de dhá chás. Léiríonn múinteoirí agus
príomhoidí tiomantas ard i gcónaí, cé gur dúshlán fós é an spleáchas leanúnach ar mhaoiniú Leithdháilte
Bhreise. Áirítear leis na buntáistí feasacht chultúrtha níos fearr, infheictheacht níos mó teangacha laistigh de
scoileanna, agus conairí láidre ón tSraith Shóisearach go dtí an tSraith Shinsearach. I measc na ndúshlán is
mó tá rollú luaineach na scoláirí, iomaíocht ó ábhair nua na Sraithe Sinsearaí, brú ar amchláir, agus na rioscaí a
bhaineann le spleáchas ar mhúinteoir aonair. Deimhnítear le hanailís bhuiséid go bhfuil an infheistíocht ag
fás ar aon dul leis an leathnú, cé go bhfuil scoileanna níos seanbhunaithe ag tosú ar roinnt uaireanta a thógáil
isteach san amchlár, rud a thacaíonn le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach.
Díríonn na moltaí ar mhaoiniú Leithdháilte Bhreise a choinneáil, cur chun cinn teangacha a neartú i
scoileanna agus i bpobail áitiúla, rannpháirtíocht le bunscoileanna a fheabhsú, tacú le forbairt múinteoirí,
agus ceiliúradh a dhéanamh ar rath na scoláirí. I measc na moltaí oibríochtúla breise do TIBÉ tá critéir
incháilitheachta níos soiléire, próisis tuairiscithe struchtúrtha, meicníochtaí tacaíochta níos láidre do
mhúinteoirí, agus cumarsáid fheabhsaithe le scoileanna.
"Chláraigh mé do ranganna
Polainnise toisc go ndeachaigh mé go
dtí an Pholainn cúpla uair agus thaitin sé go mór
"Bhunaigh sé an
liom. Ní dhearna mé an Idirbhliain – mar sin, bhí
teanga mar ábhar
orm gach rud a fhoghlaim ó bhonn nuair a chuaigh mé
comhionann ar a raibh
isteach sa 5ú bliain. Roimhe sin, d’fhoghlaim mé
luach laistigh
Polainnis ar Duolingo ar feadh cúpla mí. Tá sé i gceist
den scoil"
agam staidéar a dhéanamh ar an bhoaclóireacht
sa Pholainn amach anseo"
Príomhoide
Scoláire sa 5ú bliain
Scoláire
64
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -