Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 65
Soláthar Teangacha
Tionchar:
•
Tá méadú tagtha ar líon na scoileanna rannpháirteacha ó ocht gcinn in 2019 go 18 scoil in 2025. Táthar ag
súil go mbeidh níos mó scoileanna páirteach sa scéim sa chéad bhliain acadúil eile.
•
Tá méadú tagtha ar líon na dteangacha sna scoileanna rannpháirteacha ó cheithre cinn (Seapáinis, Rúisis,
Iodáilis, Polainnis) in 2019 go sé cinn (Seapáinis, Rúisis, Iodáilis, Polainnis, Sínis, Liotuáinis) in 2025.
•
Tá méadú tagtha ar líon na n-uaireanta a chuirtear ar fáil san iomlán ó 63.55 uair sa tseachtain in 2019 go
169.5 uair sa tseachtain in 2025. Ba chóir a lua gur tháinig laghdú ar líon na n-uaireanta idir 2024 agus
2025 toisc go bhfuil scoileanna ag tógáil isteach níos mó uaireanta san amchlár, rud a laghdaigh na
huaireanta Leithdháilte Bhreise, cé nár laghdaigh líon na n-uaireanta sa sprioctheanga.
•
Tá 72 rang san iomlán i mbliainghrúpaí éagsúla san áireamh sa scéim.
•
Tá 2,200 scoláire san iomlán ag baint tairbhe as an scéim faoi láthair.
•
In 2025, d’fhostaigh scoil múinteoir Polainnise amháin de chuid TIBÉ chun múineadh sa scéim leithdháilte
bhreise.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Na deiseanna faoi Chiorclán 0006/2020 a chur chun cinn agus leithdháileadh breise do scoileanna breise a
éascú sa chéad bhliain acadúil eile.
•
Scoileanna a spreagadh chun níos mó uaireanta a thógáil isteach san amchlár chun an spleáchas ar an
scéim sa scoil a laghdú.
•
Leanúint ar aghaidh le tacaíocht spriocdhírithe TIBÉ do scoileanna.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
65