Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 68
Lá Foirne mhí an Mheithimh d'Oiogigh Forbartha TIBÉ
Leis an lá foirne bliantúil, tugadh le chéile foghlaim ghairmiúil, nuashonruithe oibríochtúla agus tógáil pobail.
Díríodh sna seisiúin ar chleachtas seomra ranga, modheolaíochtaí gníomhaíocht-dírithe, agus ceardlanna
difreáilte ar IS. Leis an ócáid, cuireadh spás don mhachnamh, daingniú, agus chun caidrimh ghairmiúla a
threisiú.
Tacaíochtaí Foghlama Gairmiúla Breise
Bhí meantóireacht, cuairteanna scoile, agus breathnóireacht ranga fós lárnach chun tacú le hoiogigh
forbartha. Chuir piarfhoghlaim, deiseanna breathnóireachta agus gníomhaíochtaí faoi stiúir an mhúinteora le
samhail foghlama gairmiúla atá idir chomhoibríoch agus inbhuanaithe.
Plé leis an bPobal NTI i gCoitinne
Ghlac múinteoirí páirt i bhfoghlaim ghairmiúil le pobal níos leithne na Nuatheangacha Iasachta, lenar áiríodh
Pobail Chleachtais théamacha agus Seisiúin Smaointeoireachta IS (AI Think-In). Thacaigh na himeachtaí sin le
comhroinnt trasteanga agus neartaigh siad idirphlé gairmiúil ar fud na hearnála.
Tacaíocht le Clárúchán Múinteoirí
Fostaíonn TIBÉ 49 múinteoir cuartaíochta agus tacaíonn sé le 9 múinteoir, a fhostaíonn scoileanna faoin scéim
leithdháilte bhreise. Tá clárú na Comhairle Múinteoireachta críochnaithe ag 40 de na múinteoirí (ráta
clárúcháin 69%). Leanann TIBÉ de bheith ag fostú cohórt iomlán múinteoirí cláraithe Liotuáinise agus sciartha
suntasacha de mhúinteoirí Seapáinise, Polainnise, Sínise agus Portaingéilise go náisiúnta, ag tacú le
samhlacha soláthair ionscoile agus malartacha araon.
Léiríonn na ogiúirí thíos céatadán na múinteoirí cláraithe agus cáilithe uile de chuid na Comhairle
Múinteoireachta i ngach teanga go náisiúnta atá fostaithe ag TIBÉ in 2025. Tugann sé seo léiriú ar a mhéid a
thacaíonn an soláthar sna teangacha sin le TIBÉ, go háirithe i gcásanna ina bhfuil an chuid is mó den chohórt
múinteoirí cáilithe atá ar fáil fostaithe trí TIBÉ.
Céatadán de mhúinteoirí cláraithe na Comhairle Múinteoireachta i ngach teanga atá fostaithe ag TIBÉ, 2025
Fostaithe ag TIBÉ
68
Eile
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -