Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 7
Foireann TIBÉ
Tá foireann éagsúil de shaineolaithe ag TIBÉ a chuireann tionscadail ardchaighdeáin ar fáil in oideachas agus
múscailt feasachta i dteangacha iasachta. Tá cáil ar TIBÉ mar gheall ar a ghairmiúlacht, a nuálaíocht, a
sholúbthacht, agus eitic oibre láidir na foirne. Tacaíonn an fhoireann le raon leathan páirtithe leasmhara lena náirítear ranna rialtais, gníomhaireachtaí oideachais, scoileanna agus múinteoirí, agus go leor comhpháirtithe eile.
Cairt Foirne TIBÉ
-
Foireann éagsúil, fheabhsaithe agus leathnaithe a fhostú a léiríonn dea-chleachtas in Éagsúlacht, Cothroime
agus Ionchuimsiú (DEI)
-
Eagraíocht a éascú ina bhfuil an meas céanna ar róil agus scileanna éagsúla
-
A chinntiú go bhfuil meas ar gach ball agus go dtacaítear leo ina gcuid oibre
-
A chinntiú go bhfuil guth ag gach ball agus go bhfuil fáilte rompu a gcuid smaointe agus tuairimí a roinnt
gan eagla go ndéanfar cúiseamh orthu
-
Éagsúlacht teanga agus chultúrtha a thuiscint, a urramú agus a chur chun cinn
-
Oibriú le chéile ar bhealach atá cruthaitheach, solúbtha agus dinimiciúil, ag táirgeadh saothar ar bhonn
tapa fad is a chinntítear cáilíocht.
-
Éachtaí a aithint, cumarsáid a chur chun cinn, dea-chleachtas a aithint, cuspóirí/spriocanna a leagan síos,
soiléireacht a sholáthar maidir le hionchais eagraíochtúla, a bheith oscailte d'aiseolas agus glacadh leis,
agus bealaí a aithint inar féidir le TIBÉ tacaíocht a fheabhsú do bhaill foirne.
In 2025 bhí 30 ball foirne ar an gcroífhoireann. Ar fhoireann TIBÉ tá Comhairleoir Seapáinise, ar iasacht ó
Fhondúireacht na Seapáine. Ina theannta sin, fostaíonn TIBÉ seisear Oiogeach Foirne don tSínis, cúigear déag
don tSeapáinis, duine amháin don Chóiréis amháin, triúr don Liotuáinis, ceathrar déag don Pholainnis, triúr don
Phortaingéilis, beirt don Rómáinis agus cúigear don Rúisis. Is múinteoirí cáilithe iad a sheoltar amach chuig
scoileanna agus ranganna Teanga Ardteistiméireachta.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
7