Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 70
Tionchar:
•
Thuairiscigh múinteoirí ardábharthacht agus luach praiticiúil i ngníomhaíochtaí FGL.
•
Breathnaíodh ar ionduchtú, meantóireacht, cuairteanna scoile, agus breathnóireacht mar thacaíochtaí
láidre.
•
D'fhreastail foghlaim ghairmiúil dhifreáilte ar riachtanais múinteoirí a raibh taithí agus comhthéacsanna
teagaisc éagsúla acu.
•
Neartaigh FGL spriocdhírithe muinín i gcur i bhfeidhm sonraíochtaí curaclaim.
•
D9fheabhsaigh tacaíochtaí foghlama ar líne agus cumaisc cumas múinteoirí chun an fhoghlaim a
phleanáil, a sholáthar agus a mheas.
•
Chuir FGL teanga-shonrach agus Pobail Chleachtais le comhleanúnachas agus le hinbhuanaitheacht
curaclaim.
•
Neartaigh piarfhoghlaim caidrimh ghairmiúla agus thacaigh sí leis an bhfolláine.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Leanúint ar aghaidh ag tacú le múinteoirí le linn do theangacha a tugadh isteach le déanaí agus cinn
thearctheagasctha bheith á gcur i bhfeidhm agus á ndaingniú
•
Samhail chomhleanúnach foghlama gairmiúla a choinneáil lena dtugtar le chéile comhordú lárnach agus
soláthar comhoibríoch.
•
Conairí struchtúrtha ionduchtaithe a fhorbairt tuilleadh.
•
Conairí difreáilte FGL a neartú d'oiogigh forbartha nua agus d'oiogigh forbartha a bhfuil taithí acu, lena náirítear iad siúd atá ag teagasc ar líne.
•
Deiseanna a leathnú don phiarfhoghlaim, don mheantóireacht agus d9ionchuir ghairmiúla faoi stiúir
múinteoirí.
70
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -