Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 71
Campaí Samhraidh Teanga
4 Champa
Gníomhartha: 2.D.5
2.E.3
2.F.1
81 Scoláire
Léargas ginearálta:
Tá TIBÉ i ndiaidh campaí samhraidh a mhaoiniú i dteangacha tearctheagasctha do scoláirí iar-bhunscoile.
Cuirtear na cláir seo (a mhaireann coicís) ar fáil ar fud na tíre agus tugann siad deiseanna chun scileanna
teanga a fhorbairt in éineacht le gníomhaíochtaí cultúrtha agus spóirt a mhúintear tríd an sprioctheanga.
Reáchtáladh ceithre champa ina raibh 81 scoláire páirteach in 2025, ceann san Iodáilis, ceann sa tSeapáinis
agus dhá cheann i Sínis.
Príomhaidhmeanna:
•
•
Scoláirí a spreagadh chun leanúint ar aghaidh le teanga thearctheagasctha
"Ní raibh
ag leibhéal na hArdteistiméireachta.
gníomhaíocht ab
Feasacht a ardú ar roghanna teanga atá ar fáil in institiúidí ardoideachais.
fhearr liom mar bhí
gach rud foirfe."
Gníomhaíocht:
D'óstáil ceithre institiúid ardoideachais campaí samhraidh in 2025.
"Ba é an
Bhí meascán saibhir d'fhoghlaim teanga, rannpháirtíocht chultúrtha
ghníomhaíocht ab fhearr
agus gníomhaíochtaí praiticiúla ar fáil i ngach campa.
liom ná tae a ullmhú. Thaitin
Sínis in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
an challagrafaíocht agus
I nDún Dealgan chlúdaigh scoláirí an tSínis, teicnící scríbhneoireachta na Sínise,
déanamh eitleog
teicnící péintéireachta na Síne, stair, ceol traidisiúnta na Síne, amhránaíocht,
liom freisin."
déanamh cácaí gealaí, searmanas tae traidisiúnta na Síne, déanamh feananna
agus túschúrsa ar Ba-duan-jin nó ar chluichí osiciúla na Síne. Bhreathnaigh
"Is eispéireas
siad ar scannán freisin agus thug siad cuairt ar chuideachta áitiúil chun an
an-spraíúil é, do pháistí.
tábhacht a bhaineann le foghlaim teangacha a fheiceáil. Ar an lá deireanach,
Tugann sé léargas gairid ar an
cuireadh a gcuid saothair ar taispeáint i dtaispeántas agus bhí taibhiú ann
gcultúr agus ar na daoine ann.
le hamhráin, cuir i láthair agus searmanas tae, agus d'fhreastail tuismitheoirí,
Tugann sé tuilleadh eolais faoi
aíonna agus ardbhainistíocht ó DKIT.
dhaoine ón am atá thart, a gcuid
Sínis in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, Port Láirge
gníomhaíochtaí, a gcultúr
agus a dteanga."
I bPort Láirge, d'fhoghlaim scoláirí faoin tSínis, puthphéinteáil agus uiscephéinteáil
na Síne, searmanais tae na Síne, callagrafaíocht na Síne, ealaíona comhraic na Síne,
déanamh páipéir na Síne, déanamh snaidhmeanna na Síne, déanamh laindéar na
Síne agus ceoldrámaí agus ceol na Síne. Bhí taispeántas cócaireachta bia Síneach acu
freisin agus turas go Baile Átha Cliath a chuimsigh turas go Leabharlann Chester
Beatty agus deis chun bia barántúil na Síne a thriail. Bhí searmanas deiridh acu ar
an lá deireanach. Chuir siad físeáin rialta dá gcuid gníomhaíochtaí ar chuntas
"Ba é an
ghníomhaíocht
chultúrtha ab fhearr
liom ná na carachtair
Shínise a scríobh."
Instagram SETU Language Culture Society.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
71