Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 72
Iodáilis in Ollscoil na Gaillimhe
I nGaillimh, d'fhoghlaim scoláirí Iodáilis, chruthaigh siad maisc do charnabhail na Veinéise, bhí eispéireas
réaltacht fhíorúil acu, chruthaigh siad a saothar ealaíne Botticelli féin, rinne siad píotsa, d'fhoghlaim siad conas
fotheidil a chur le cartúin agus dubáil a dhéanamh orthu, d'imir siad spóirt agus cluichí Iodálacha, bhí seisiúin
cheoil acu, d'fhéach siad ar scannán clasaiceach, chuir siad seó deiridh ar siúl agus chruthaigh siad físeán
bunaithe ar an eispéireas a bhí acu ar an gcampa samhraidh coicíse.
"Déarfainn gurbh
í an ghníomhaíocht chultúrtha ab
"Thaitin an campa
fhearr liom ná nuair a tháinig an triúr
seo go mór liom! Bhí sé an-spraíúil,
"Ba iad na cluichí ar nós
bhí na daoine go léir go hálainn, rinne
Pantalone an ghníomhaíocht
mé cairdeas le roinnt daoine áille, bhí
ab fhearr liom agus an cluiche
na múinteoirí breá in ann gach rud a
ina raibh orainn na rudaí a dúirt
mhíniú agus anois táim ag smaoineamh
siad linn a dhéanamh san Iodáilis
ar Iodáilis a dhéanamh
agus ceol á sheinm agus an
san Ollscoil."
cluiche rubamazzeto!!"
bhan isteach chun damhsa Seapánach
a mhúineadh dúinn agus tugadh an
deis dom Yukata álainn Seapánach
a chaitheamh."
"Thaitin an|
Seapáinis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD)
I mBaile Átha Cliath, d'fhoghlaim scoláirí faoi theanga agus cultúr na
Seapáine. Rinne siad réimse leathan gníomhaíochtaí lenar áiríodh
manga, anime, drámaíocht, drumadóireacht Taiko, callagrafaíocht,
olíocht haiku, agus d9fhoghlaim siad faoi fhéilte agus maorachtaí áitiúla
drumadóireacht Taiko liom.
Ní féidir liom aon uirlis eile a
sheinm go maith ar chor ar bith ach
is cosúil gur cnagcheoltóir
sa tSeapáin, cluichí agus ceardaíocht aonach na Seapáine, damhsa agus
maith mé!"
cultúr Kimono. Bhí lá spóirt scoile Seapánach acu agus turas chuig áit chónaithe
ambasadóir na Seapáine, áit a raibh searmanas tae acu. Bhí cuir i láthair dheiridh agus
taibhiú le gradaim acu ar an lá deireanach den champa.
Tionchar:
•
Leis na campaí cuireadh infheictheacht láidir ar fáil do theangacha tearctheagasctha sna hollscoileanna,
ag tacú le bealaí isteach sa staidéar teanga ag an tríú leibhéal.
•
Thuairiscigh go leor scoláirí gur spreagadh iad chun leanúint ar aghaidh leis an teanga ag an
Ardteistiméireacht nó níos faide anonn.
•
Fuair campaí meánrátáil de 4.6 as 5.
•
Nuair a oafraíodh díobh faoi staidéar amach anseo, dúirt 46% de scoláirí go raibh sé beartaithe acu
leanúint ar aghaidh leis an teanga, agus dúirt 48% "go mb'fhéidir" go leanfaidís ar aghaidh léi.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Leanúint ar aghaidh ag cur campaí samhraidh chun cinn agus ag tacú leo in 2026.
•
Ollscoileanna eile a spreagadh chun campaí a óstáil, go háirithe i dteangacha oidhreachta agus i
dteangacha tearctheagasctha.
•
Tacú le hinstitiúidí a fuair maoiniú roimhe seo chun soláthar campaí samhraidh a choinneáil, go
neamhspleách nuair is féidir.
72
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -