Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 81
Múinteoirí Bunscoile - Uasoiliúint i dTeangacha Iasachta
310 Múinteoir a Fuair Uasoiliúint
41 Cúrsa
16 Soláthraí Cúrsa
Gníomh: 2.B.4
4 Theanga
Léargas ginearálta:
Lean Uasoiliúint Teangacha Iasachta do mhúinteoirí bunscoile ar aghaidh i rith 2025. I measc na
ngníomhaíochtaí i rith na bliana bhí an Scéim Phíolótach um Uasoiliúint Teangacha Iasachta a cuireadh i
gcrích ó Eanáir go Lúnasa agus tugadh isteach an Scéim Náisiúnta nua um Uasoiliúint Teangacha Iasachta do
Mhúinteoirí Bunscoile ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh. Ar fud an dá chéim, dhírigh an obair ar
rannpháirtíocht a leathnú, próisis soláthair a neartú, agus na struchtúir a bhunú atá riachtanach don
inbhuanaitheacht fhadtéarmach.
Príomhaidhmeanna:
•
Inniúlacht teanga i nuatheangacha iasachta a chothú i measc múinteoirí bunscoile sula dtugtar isteach an
curaclam.
•
Muinín agus inniúlacht múinteoirí in úsáid na sprioctheanga a neartú.
•
Feasacht chultúrtha agus idirchultúrtha a fhorbairt.
•
Soláthar a ailíniú le Creatchuraclam na Bunscoile agus le Curaclam athfhorbartha na Bunscoile.
•
Tacú leis an aistriú ó thionscadal píolótach go scéim náisiúnta inbhuanaithe.
Gníomhaíocht:
San iomlán, chríochnaigh 310 múinteoir 41 cúrsa uasoiliúna teanga arna soláthar ag 16 sholáthraí fhaofa ar fud
na Fraincise, na Spáinnise, na Gearmáinise agus na hIodáilise.
Eanáir - Lúnasa 2025:
Críochnú an Chláir Phíolótaigh agus Clár Tumoideachais Fraincise
Tháinig méadú suntasach ar rannpháirtíocht sa dara bliain den Chlár Píolótach i gcomparáid le 2024. Cuireadh
cúrsaí ar fáil ar fud leibhéil A2.1-B1.2 CEFR sa Fhraincis, sa Spáinnis, sa Ghearmáinis agus san Iodáilis. Fuair
múinteoirí rochtain ar fhormáidí ar an láthair, ar líne agus ar fhormáidí cumaisc ag brath ar chúinsí pearsanta
agus gairmiúla.
Idir Eanáir agus Lúnasa, chláraigh 339 múinteoir agus chríochnaigh 196 cúrsa. Bhí an Fhraincis ar an teanga is
mó a roghnaíodh, agus bhí éileamh láidir leanúnach ar an Spáinnis.
I mí an Mheithimh 2025, chuaigh TIBÉ i gcomhpháirtíocht le hAmbasáid na Fraince in Éirinn chun clár
tumoideachais cónaithe Fraincise a phíolótú i Vichy. Ghlac oche múinteoir páirt i ndianchlár a chuimsigh
ranganna teanga, ceardlanna cultúrtha, agus cuairteanna scoile. Déanfaidh an méid a foghlaimíodh ón gclár
píolótach eolas do phleanáil deiseanna tumoideachais amach anseo.
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -
81