Annual Report 2025 IRISH - Flipbook - Page 86
Sprioc 2 - Ag Dul Chun Cinn
Leanfaidh TIBÉ de bheith ag tabhairt tús áite do shamhail foghlama gairmiúla ar
ardchaighdeán a thacaíonn le hOiogigh Forbartha atá ag obair i gcomhthéacsanna
teagaisc, teangacha agus modhanna soláthair atá ag éirí níos éagsúla. De réir mar a
leathnaíonn an soláthar i dtimpeallachtaí duine le duine, ar líne agus i dtimpeallachtaí
cumaisc, beidh infheistíocht leanúnach in ionduchtú struchtúrtha, meantóireacht agus FGL
difreáilte lárnach i gcónaí chun comhsheasmhacht, cáilíocht agus muinín múinteoirí a
chinntiú.
Ag tógáil ar thionchar dearfach na samhla comhtháite foghlama gairmiúla, neartóidh TIBÉ
conairí ionduchtaithe do mhúinteoirí nuacheaptha, ag cinntiú rannpháirtíocht luath agus
tacaithe le sonraíochtaí curaclaim, cleachtais mheasúnaithe, comhoibriú scoile uile agus
córais TIBÉ. Leanfar de bhéim a chur ar mheantóireacht, ar chuairteanna scoile agus ar
bhreathnóireacht ranga mar thacaíochtaí lárnacha d'fhás gairmiúil agus do chleachtas
machnamhach.
Déanfar conairí difreáilte FGL a fhorbairt tuilleadh chun freagairt do leibhéil taithí, cúlra
teanga agus comhthéacs teagaisc múinteoirí. Áireofar leis sin tacaíocht spriocdhírithe do
mhúinteoirí a sholáthraíonn teangacha tearctheagasctha agus teangacha
Ardteistiméireachta a tugadh isteach le déanaí, chomh maith le hard-deiseanna foghlama
gairmiúla do mhúinteoirí a bhfuil taithí acu, lena n-áirítear iad siúd atá ag obair i
suíomhanna ar líne agus i suíomhanna cumaisc. Beidh FGL agus Pobail Chleachtais
theanga-sonrach fós ina bpríomh-chórais chun comhleanúnachas curaclaim a chothú,
cleachtas éifeachtach a roinnt agus tacú le forbairt ábhair ar bhonn náisiúnta.
De réir mar a leanann soláthar digiteach agus cumaisc de bheith ag leathnú, tógfaidh TIBÉ
ar an oiliúint atá ann cheana chun tacú tuilleadh le hacmhainní múinteoirí in oideolaíocht
ar líne, measúnú, Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim agus comhtháthú éifeachtach IS chun
teagasc agus foghlaim a fheabhsú. Leanfar de thacaíochtaí leantacha praiticiúla, lena náirítear clinicí agus malartú piaraí, a leabú chun tacú le cur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna
fíor-ranga.
Beidh tacaíocht d'fholláine, do mhuinín ghairmiúil agus do chomhoibriú múinteoirí ina
tosaíocht i gcónaí. Leanfar de dheiseanna piarfhoghlama, breathnóireachta, ionchuir faoi
stiúir múinteoirí agus rannpháirtíocht na foirne uile a neartú chun tacú le pobal gairmiúil
atá inbhuanaithe agus nasctha.
86
- Tuarascáil Bhliantúil 2025 -